Page:Jimín Mháire Thaidhg.djvu/72

This page has been validated.

JIMÍN ṀÁIRE ṪAIḊG

Agus deirinn léi go ḃféadfaḋ sí me ḃualaḋ go mbeaḋ sí sásta agus go mbeinn im’ ḃuaċaill maiṫ gaċ aon uair eile, go deo agus go bráṫ. Annsan ḋúisiġeaḋ Micilín agus deireaḋ sé liom paidir a ráḋ agus ṫéiġimís ar ár nglúine gaċ taoḃ den toċta agus deirimís “Ár n-Aṫair atá ar Neaṁ,” agus d’iarraimís ar Ḋia agus ar Ṁuire agus ar Ṗádraig agus ar na Naoiṁ go léir teaċt i gcaḃair dúinn. Ḃí’s againn ná raiḃ Dia ró ṁór linn toisc a raiḃ de ṡladaiḋeaċt déanta againn d’iarraiḋ na caide a ċeannaċ, aċ ṁeasamair go mbogfaḋ an dream eile A ċroiḋe má ḃí Sé i n-earraid linn. Ġeallamair go prínsiopálta ná goidfimís uiḃe guir ná gliomaċ faid a ṁairfimís beo. Ṫuigeamair go mbogfaḋ san aon Dia a ċífeaḋ an uair sin sinn ar ár nglúiniḃ agus greim ar ṫoċta báid againn agus an bád ’á ċaiṫeaṁ síos suas, soir siar, ag an riaċ fairrge ná fanfaḋ socair. Ní ró ċruinn atá na rudaí sin im’ aigne i n-ao’ ċor. Is geall im’ ċuiṁne iad leis an dtromluiġe a ḃí orm bliain ó ṡin nuair ċeapas go raiḃ tarḃ mór Ṁicí Ṫomáis im’ ḋiaiḋ an cnoc anuas.

Ṫáinig codla nó mairḃitiġe éigin orm fé ḋeire, agus sé an ċéad rud eile is cuiṁin liom i dtaoḃ an ḃáid ná Taḋg Óg a ḃeiṫ am’ ċroṫaḋ, agus nuair ḋúisiġeas ṫugas fé ndeara go raiḃ cúig cinn de naoṁóga tiompall orainn agus greim ag naoṁóig aca ar an mbád. Ḃí Mam innti sin. Do ġeal mo ċroiḋe nuair ċuir Taḋg isteaċ sa naoṁóig me agus ċonnac í. Ní ḟéadfainn focal a ráḋ léi aċ cromaḋ ar ġol. Ní raiḃ aon ḟocal as Mam, aċ ṫóg sí ’na huċt me agus d’ḟáisc sí isteaċ léi me agus ċuir sí a brat im’ ṫiompall. Ḃraiṫeas uirṫi go raiḃ toċt uirṫi aċ ní toċt é ċuir aon eagla orm roimpe agus ṫuit mo ċodla orm agus níor ḋúisiġeas go raḃas istiġ sa ḃaile.

Do hullṁuiġeaḋ daḃaċ mór d’uisce te agus cuireaḋ síos ann me agus tugaḋ deoċa teo ḋom agus casaḋ i bplainíntí me agus baineaḋ allus asam agus ní leigfí dom dul as an leabaiḋ go ceann dá lá. Ḃíṫeas am’

64