Page:Jimín Mháire Thaidhg.djvu/77

This page has been validated.

MAR DO ĊUIR JIMÍN SPIAIRE I dTEANNTA

stróinséirí ḃíoḋ ag teaċt is ag imeaċt. Bacaiġ is mó ṫagaḋ, agus a gcuid ban. Is mó uair a ċluig a ṫugaimís ’á ḃfaireaḋ agus ár gcroiḋe go cráite toisc gur daoine macánta iad go léir. Ṫáinig fear ón nDaingean lá agus cosa cama fé agus asal aige, aċ níorḃ iad Éire ná Sasanna a ḃí ag cur tinnis air sin. Ṫáinig fear eile ar leaṫċois go raiḃ ḋá ṁaide croise aige. Ní ċreidfeaḋ Micilín nár spiaire é i gcló bacaiġ agus d’ḟaireamair é féaċaint an gcuirfeaḋ sé an tarna cos fé, aċ níor ċuir.

Annsan ṫug tincéir fiarṡúileaċ rua turus ar an mbaile agus a ḃean agus scata mór de ṫincéirí beaga fairis. Ċuarduiġeadar gaċ aon tiġ ar feaḋ an lae agus tráṫnóna d’imiġeadar soir go dtí an crosaire—iad féin agus asal agus cairt a ḃí aca—agus ċuireadar fúṫa ann i gcóir na hoiḋċe. Ḃí droċḟuadar fúṫa, dar linn, agus iad d’ḟanaċt annsan. Ḃeartuiġ an ḃeirt againn éalú amaċ taréis ár muinntire a ḋul a ċodla ċun an tincéir agus a ḃean a ḋ’ḟaireaḋ.

Amaċ tríd an ḃfuinneóig a ċuas féin le smut de ṫéadán a ḃí ceangailte agam de ċois na leabṫan. (Is minic a ċuas amaċ mar sin i gan ḟios do Ṁam, tá’s agat.) Ḃuail Micilín liom sa ḃuaile agus ċuaiḋ an ḃeirt againn soir tré sna páirceanna go dtí an ċrois. Ḃí na tincéirí fós ann agus teine ar lasaḋ aca agus rud éigin aca ’á róstaḋ. Fuaireas amaċ ó ṡin gurḃ é bárdal Ṁáire Aindí a ḃí aca. Nuair a ḃí sé róstaiṫe d’iṫeadar láiṫreaċ é agus ṫugadar na cnáṁa do sna leanḃaí beaga le cogaint. Ḃíodar go léir ag dul a ċodla annsan aċ an t-aṫair. Rug sé sin an t-asal leis agus ċuir sé isteaċ i móinéar Ṗeats Teaimí é agus i n-ionad dul a ċodla i dteannta na coda eile is aṁlaiḋ a ṫug sé aġaiḋ siar ar na tiġṫe arís. Ḃain san preab asainn agus beirt againn i ndíg ag faireaḋ air.

“Hanaman riaċ, a Ṁicilín,” arsa mise, “spiaire!”

Ċloisfeá croiḋe Ṁicilín ag bualaḋ agus a anál ’á ḃaint de. Siúd linn ’na ḋiaiḋ ag éalú.

Nuair ṫáinig an tincéir i n-aice tiġe Ṁáire Aindí

69