Page:Jimín Mháire Thaidhg.djvu/79

This page has been validated.

MAR DO ĊUIR JIMÍN SPIAIRE I dTEANNTA

anuas Micilín agus ceaṫrar des na buaċaillí agus gan a gcuid éadaiġ i gceart ar aonne ’ca.

Ċromas láiṫreaċ ar a ċur i n-iúl dóiḃ go raiḃ spiaire fé ġlas agam i dtiġ an ḃainne, go raḃamair ar feaḋ na hoiḋċe ar a ṫóir agus go gcaiṫfí é láṁaċ nó é ċroċaḋ. Ní raiḃ gíog as an mbioránaċ a ḃí fé ġlas. Is dóċa go raiḃ sé ag breiṫ ċuige, an fear boċt! Ċromadar san am’ ċeistiú-sa agus giorranáil orṫa leis an bpreab a ḃain an scéal asta, agus leis an iongantas; agus iad go léir ag cainnt ós íseal. Ḃíos féin agus Micilín d’iarraiḋ an scéal a ċur i dtuiscint dóiḃ agus giorranáil orainne, leis, agus ḃíomair i ḃfad sar ar ḟéadamair brí an scéil a ċur ’na luiġe orṫa.

I lár na cainnte istiġ, cad a ḃraiṫfimís ċuġainn i leiṫ an bóṫar aċ trucaill mór gluaisteáin agus solus mór, geal, ar a ṫosaċ. Do stadamair le hiongantas ag féaċaint air agus gan aon ḟocal asainn. Ḃí sé ag gluaiseaċt go dtáinig sé go bun an ḃaile. Annsan do stad sé agus léim gasra mór fear amaċ—saiġdiúirí agus póilíní!

Ċonncamair ag teaċt aníos iad go léir fé ḋéin tiġe Ṁáire Aindí.

“Droċḟuadar!” arsa Taḋg Óg. “Ní fearr ḃeiṫ annso ná ṫuas i mbóṫar an ċnuic.”

D’éaluiġeamair linn suas gan iad ’ár ḃfeiscint agus nuair stadadar san ag an dtiġ, stadamair-ne ag féaċaint síos orṫa.

Ċuarduiġeadar an tiġ ar lorg Ṫaiḋg, aċ ní raiḃ aon Taḋg ann dóiḃ. Nuair ná raiḃ sé le faġáil istiġ aca seo leo ag cuardaċ na dtiġṫe amuiċ. Nuair ċuadar i dtiġ an ḃainne agus ḃuail an tincéir leo ḃí gleo mór agus glaoḋtí ar siuḃal aca agus cainnt ṁór láidir ag an dtincéir. Ní ċreidfidís nárḃ é Taḋg Óg a ḃí aca. D’árduiġeadar leo é agus na ceangail air.

Nuair a ṫánamair-ne anuas ċun na dtiġṫe arís ḃí an baile go léir ’na suiḋe agus gaċ tiġ aca ar lorg a ḋuine

71