Page:Jimín Mháire Thaidhg.djvu/82

This page has been validated.

JIMÍN ṀÁIRE ṪAIḊG

ċonnaic sí an t-ualaċ sleán an buaile aníos ċúiċe. Ṁeasas go dtairriceoċ’ sí an baile orm leis an néal a ḃí uirṫi. Ṫug sí “amadáinín” is fiċe orm. B’ṡin é mo ḃuiḋeaċas tar éis mo ḋíċill. Tá Mam gan aon réasún agus is dóċa gurab é sin fé ndeara doṁsa ḃeiṫ im’ amadáinín.

[I dtaoḃ na sleán san, tá aċrann mór ar siuḃal. Níor ċuiṁin liom-sa cad é an tiġ go ḃfuaireas aon ċeann aca agus nuair cuireaḋ aḃaile iad ní raiḃ a ċeann féin ag aonne. Ní raiḃ aon leiġeas agam-sa air sin, aċ aonne ḋeineaḋ gearán nárḃ é a ṡleán féin a cuireaḋ aḃaile ċuige—mise ḋíolaḋ as. Léan orṫa mar sleánta!]

Ar maidin sé céad rud a ċuala ná mo ṁáṫair ag glaoḋaċ go hárd is go géar ar Ḋaid. Duḃairt sí go raiḃ an ṁaidean caiṫte. Ċeapas, am baic! ón gcainnt a ḃí aici, go raiḃ sé tar éis a deiċ nó mar sin. Ṗreabas síos ’on ċistin aċ ní raiḃ sé aċ leaṫuair tar éis a cúig! Ṫiomáin sí Daid d’iarraiḋ an ċapaill agus me féin d’iarraiḋ na mbó. Ḃí an citeal beiriṫe nuair a ṫána, agus ḃí cuid de ṁuinntir an ḃaile ag teaċt. Ṫáinig Taḋg Óg, leis. Ḃí pící aca ar fad. Ċeangail m’aṫair na pící ar fad agus trí sleána treasna ar ṡáilíní na cairte agus ċuir sé beart d’ḟéar ġlas as an móinéar isteaċ innti. D’iṫeadar go léir bricfeast—ní raiḃ slí tiompall an ḃúird i n-ao’ ċor dóiḃ. Gaḃaḋ an capall annsan agus as go bráṫ leo agus iad caiṫte i dtoll a ċéile sa ċairt agus na pící agus na sleánta ag gliogarnaiġ.

Nuair a ḃíodar imiṫe do ċuir Mam faoḃar uirṫi féin. B’éigean dom cliaḃ d’ḟaġáil di agus féar. Ċuir sí crúsca mór cré Ḃeit Móire síos sa ċliaḃ agus féar fé agus tiompall air. Ḃí sé lán go smig de ṗórtar. Ḃlaiseas é, tá’s agat, nuair a ḃí Mam d’iarraiḋ an ime. Ḃí blas gránna air agus scaoileas as mo ḃéal isteaċ sa teine é.

Ċuir mo Ṁam an citeal isteaċ i mbosca, agus stán an ġleoiḋ Ṁáire Aindí agus é lán de leaṁnaċt, agus an t-im agus sceana agus cúpla spiúnóg agus oċt gcinn

74