Caibidiol XII
PÚCA ḂEIT MÓIRE AR ṪÓIR JIMÍN
An cuiṁin leat Beit Ṁór go raḃas ag eaċtraiġe go minic uirṫi—í siúd a ḃí ’nár dtiġ-ne an oiḋċe fuarṫas mise sa ḃfeamnaiġ agus nár réiḋtiġ na mná eile le Máire Aindí i dtaoḃ ciaca le Mam nó le Daid ba ḋeá’rṫaċ me. Ḃuel, ní ḋéanfaiḋ sí spiorspear d’aon scéal eile. Tá a gnó déanta. Tá sí marḃ!
Ní ḟeadar ’n tsaoġal cad a ṁairḃ í. Ṁeasas go raiḃ sí ċoṁ láidir le capall. Ḃí, leis, agus nuair ṡuiḋeaḋ sí isteaċ i gcairt an asail ḃíoḋ lán na cairte innti, a ḋuine. Ní foláir nó is láidir an duine an bás agus taḃairt i n-ao’ ċor fé na leiṫéid.
Níor ċuiṁniġeas riaṁ i gceart ar an mbás gur leagaḋ Beit Ṁór leis. Am baic, a ṁic ó! ní me an duine céadna ó ṡin. Táim teanntaiṫe ag an mbás mallaiṫe sin de ló agus d’oiḋċe. Aon rud a ċím sa ló bíonn aḋḃar mo ḃáis ann. B’ḟéidir go mbuailfeaḋ an capall speaċ orm nó go leagfaḋ an t-asal me nó go mbeaḋ frídíní galair san uisce—bímíd marḃ ag an Máiġistir ag tráċt orṫa san; agus ó cailleaḋ Beit, an riaċ pioc díom a ċuaiḋ ṫar doras aon oiḋċe ar eagla go ḃfeicfinn a púca, a ḋuine. Bíonn scilimis im’ ċroiḋe roimis na púcaí sin. Mara mbeaḋ iad do ḃeinn ar aor a’ ṁaidrín ruaiḋ.
Is mór an éagcóir dos na daoine marḃa ná fanann socair dóiḃ féin is gan ḃeiṫ ag dul tiompall ins an oiḋċe ag cur eagla ar ḋaoine fé mar atá Beit Ṁór anois. Duḃairt Taḋg Óg liom go ḃfeaca sé ṫíos sa ḃóiṫrín í an oiḋċe fé ḋeire agus bairrlín bán ’na tiompall agus í ar lorg Jimín Ṁáire Ṫaiḋg agus Ṁicilín Eoin. Ḃí olc aici ċuġainn, aduḃairt Taḋg, i dtaoḃ an dosaon uḃ a
78