JIMÍN ṀÁIRE ṪAIḊG
Maidin lae ar na ṁáireaċ ċuas ós íseal go dtí an poll d’ḟéaċaint an dtáinig Beit d’iarraiḋ na bpípeanna. Dar fia, ḃí gaċ aon ċeann riaṁ aca imiṫe! Ṁeasas go dtuitfinn leis an bpreab a baineaḋ asam. Ḃí an lá gléigeal ann, aċ mar sin féin ṫaḃarfainn an leaḃar go ḃfuaireas bolaiṫ an ṗúca san áit. Ṫáinig fuaṫ agam don dtor agus don mbóiṫrín agus fuaṫ speisialta do ṗúca Ḃeit Móire agus í ag imeaċt ar fuaid na dúṫaiġe i lár na hoiḋċe agus oċt gcinn de ṗípeanna tobac ar lasaḋ i n-éineaċt aici agus gal deataiġ ag éirġe as a béal.
Ní leigeaḋ an smaoineaṁ san dom aon néal ċolata a ḋéanaṁ ó d’innis Taḋg Óg dom gur mar sin a ḃí sí oiḋċe a ḃuail sí leis féin. Ḃí sí sásta go leor, duḃairt sé, go dtáinig sí go dtí an brúscar móna fén dtobac agus gur ḋóiġ san an carbal aici. Ḃí sí ag casaċtaiġ annsan agus ag eascainí agus duḃairt sí, am baisce! ná maiṫfeaḋ sí ḋúinn i n-ao’ ċor nó go gcuirfimís ċúiċe an dosaon uḃ a ṫógamair ón gcirc ġuir. Léan uirṫi! naċ maiṫ do ċuiṁniġ sí orṫa.
Ḃíomair teanntaiṫe ar fad age sna huiḃe. Ḋíolamair iad-san fad ó riaṁ le bean a’ Tobair i gcóṁair na caide agus ní fios cad é an ċríċ a ḃí imiṫe orṫa—droċċríċ is dóċa mar ḃí sicíní ionnta nuair a ḋíolamair iad. Ar feaḋ trí n-oiḋċe níor ċodail aonne de ḃeirt againn aon néal aċ ’á ċeapaḋ gaċ aon nóimeat go mbeaḋ an púca ċuġainn ag éileaṁ na n-uḃ agus ní ṫaḃarfá trí leafiní orainn ḃíomair ċoṁ suaiṫte sin.
Ḃíomair i ngalar na gcás d’iarraiḋ uiḃe guir a ṡoláṫar. Boṫán cearc níor ḟágamair ar fuaid an ṗaróiste gan cuardaċ aċ ní raiḃ oiread agus aon ċearc aṁáin ar gor ionnta. Fuaireamair dosaon uḃ saoráideaċ go leor agus má ċuireamair cearc aṁáin do ċuireamair cearc is fiċe ’na suiḋe orṫa; aċ an riaċ gor a ḋéanfaḋ aon ċeann aca! Ċeanglíomair ceann aca ar ċois sa nid, aċ nuair a ḃí sí tuirseaċ de ḃeiṫ ’na suiḋe do léim sí agus do ṫairrig sí an baile uirṫi leis an ngleo a ḋein sí agus rug Máire Aindí na huiḃe léi. Ḃíomair cráite,
80