Page:Jimín Mháire Thaidhg.djvu/94

This page has been validated.

JIMÍN ṀÁIRE ṪAIḊG

“Ḋeineadar, an rud a ḋéanfaiḋ siad indiu aris—an suae a ḃreiṫ leo ó Ḃéal Cairrge.”

“Cuirfiḋ mé cúig ṗúint leat ná déanfaid.”

“Cuirfiḋ mé, agus fiċe púnt,” arsa fear an ṗórtair agus ċuir sé láṁ ’na ṗóca. Ní dóiġ liom go raiḃ fiċe scilling ag an ḃfear céadna, mar ċonnac ’na ḋiaiḋ sin é, agus é a d’iarraiḋ leaṫċoróin a ḃaint d’á ṁnaoi ċun dul ag ól.

Ḃí luċt na naoṁóg ag baint díoḃ—níor ḟágadar caipín ná casóg ná ḃest orṫa ná treaḃsar. Ḃí gaċ aonne ag liúiriġ orṫa agus ’á molaḋ agus ’á gcoṁairliú agus ’á ngríosaḋ. Ċífeá fear agus sáspan pórtair ’na láiṁ aige agus é ag béiciġ ar naoṁóig aca. “Dar hanamain t’aṫar, a Ṁaiḋc, ná scaoil go bráṫ le Cuas a’ Ṗortáin é;” agus an uair ċéadna ḃíoḋ streall den ṗórtar ag imeaċt mar seo agus streall mar siúd as an sáspan i dtreo go mbíoḋ a urṁór imiṫe uaiḋ nuair ċuireaḋ sé ċun a ḃéil é. Annsan deireaḋ sé le fear an scríbín: “I n-ainm na maoṫaile tr’om taoscán eile ḋo san.”

Ní fada gur imiġ an dá naoṁóig agus cuḃrán bán fé n-a dtosaċ agus an dá ċeaṫrar ag iomraḋ ar a ndíċeall báis, siar ’s aniar, siar ’s aniar, gan stad, gan staonaḋ, agus na hoċt maidí ar ċoṁimeaċt. Ḃí na daoine i dtír ag dul ar mire agus iad ag riṫ feaḋ na tráġa agus ag liúiriġ agus ag bagairt a láṁ agus a ndorn ar na naoṁóga agus ag taḃairt órdaiṫe ḋóiḃ agus ag ráḋ “Ṁuise mo ċeol siḃ!” agus gan luċt na naoṁóg ’á gclos i n-ao’ ċor, aċ iad ag tarrac gur ḋóiġ leat go mbrisfeaḋ a gcroiḋe.

Annsan ḃris Maiḋc Mór dula.

“Ó, an dial!” arsa gaċ aonne mar ċeapadar go raiḃ an rás caillte ’á ḋeascaiḃ. Aċ ċuir Maiḋc dula nua isteaċ agus ṫosnuiġ sé arís ar ḃuillí móra ráṁa.

“Ó my! is tréan an fear é,” arsa gaċ aonne. Annsan do ḃris an fear tosaiġ sa naoṁóig eile maide ráṁa.

86