Page:Leabhar na Polainne.djvu/103

This page has not been proofread.
99
LEABHAR NA PÓLAINNE.

shíolraigh sé ó Phrotastúnachaibh Francacha do theith godí an Phrúis taréis aisghairm reachta Nantes. Ancilla: daor a bhrí sa Laidin.

78. Do chuaidh Lafayette ag comhrac ar son saoirse Americá. Chuir sé ar ghnáth-Chó-dháil na Fraince aontú le Fógra Cearta an Duine agus an Chathrathóra. Isé a chuir an gárda náisiúnta ar bun agus isé ba chéad rí féinne ar an ngárda san. Le linn ath-réim na mBourbonach do ghaibh sé páirt i ngach troid dár deineadh ar son na saoirse. Taréis Atharú na b. 1830, do chosain sé cúis gach cine, go mórmór cúis na Polainne i Seomra na dTeachta. D’eag se 20 Bealtaine 1834.

85. Ladaslás a III., .i. Ladaslás Iagellon do throid sé in aghaidh an tSultáin Amurat agus do thuit sé i gcath Varna 10 Samhain 1444. Tháinig na Túrcaig isteach i gCathair Chonstantín naoi mbliana ina dhiaig sin.

Seán a III., .i. Seán Sobieski, do rug bua i gcath Vienna 12 M. Fhomhair 1683, bua a thug saoirse, ni hamháin dAustria ach don Chríostuíacht go leir. Cuireadh suas teampall sa bhfórum Traianach, sa Róimh, mar chuimhneamh ar an gcath san, agus bhí an lá san a bhfuascailte ina lá féile ag muintir Vienna ar feadh céad blian.

87. Có-cheangal na Lituáine agus na Polainne, a tosnuigheadh le pósadh an árd-diúic Ladaslás Iagellon le hEdwige, banríoghain na Polainne, sa bh. 1887, do daingnigheadh an có-cheangal san i ndiet (nó i mór-chomhairle) Lublin sa bh. 1569 nuair dfógair an diet ríocht na Polainne agus diúcacht na Lituáine bheith ina n-aon républic amháin.

91. Do thosnuig ath-chórú na Polainne istig le Córú Dlí an 3adh lá de Bhealtaine 1791 (níor tháinig Córú Dlí na Fraince godí an 29adh lá de Mh. Fhomhair na bliana san).

98. Sarar deineadh an tarna roinnt ar an bPolainn do ceangladh connradh idir rí na Prúise, .i. Frederic-Liam, agus an Pholann, 29 Marta 1790, chun gurbh usaide feall a dhéanamh ar an bPolainn.

100. Oráideacha an bhancaire, Casimir Périer, uachtarán na comhairle agus ministir gnóthí na Fraince istig, 18 agus 28 Marta agus 13 Abrán 1831.