Page:Leabhar na Polainne.djvu/108

This page has been validated.
104
LEABHAR NA PÓLAINNE.

gheall ar leattrom agus ar olagónaibh na n-uiríseal atá an tArdbhreitheamh ag leigint pláigeana iolairtha anuas ar mo ríocht le seacht mbliana, geallaim dhuit, an túisce na mbeidh an tsíocháin déanta, go ndéanfad féin, maraon le hOrdaibh uile mo chuid Estáití, na nithe is gá a chur i bhfeidhm chun muintir mo ríochta dfuascailt óna lithéid de leattrom.” (1 Abrán 1656.)

An 7adh lá de mhí na Bealtaine coimeádan an Eaglais féile San Stanaslás, easpog Chracow, a fuair bás 8 Bealtaine 1078; an 6adh lá de Bhealtaine coimeádan sí féile San Casimir, a fuair bás i Vilna sa bh. 1484; an 26adh lá de Mh. Fhomhair coimeádan sí féile San Iósaphat, árdeaspog Pholock, a fuair bás ag Witebsk sa bh. 1623.

Do chuir na Pulawski agns patríotaig eile an Có-chumann nó an Confederation ar bun i mBan i bPodolie. Do chuaidh an Có-chumann i ngleic leis na Rúisínig agus bhíodar ar feadh chúig mblian gan stríocadh, .i. godí gur roinneadh an Pholann sa bh. 1772.

Praga .i. baile d’imeall-bhailtibh Bhársá, do thóg na Rúisínig é ósna Polannaig 6 Samhain 1794.

Dhein na Rúisínig léirscrios ar mhuintir Oszmiana (baile beag sa Lituáin) 17 Abrán 1831; agus i bhFischau, an 27adh lá de Ghionbhair 1832, dhein na Prúisínig dísciú ar na saighdiúirí Polannacha taréis a gcuid arm a bhaint díobh. Na saighdiúirí Polannacha bhí ina bprísúnaig i gCronstadt, do daoradh iad chun 800 buille ’shlait a bhuala orra cheithre huaire. Taréis gach sciúrsála, do leighistí an méid a bhíodh beo fós díobh i dtreo go bhféadfidís an chuid eile den phionós dfulag. Fuair a bhfurmhór bás don sciúrsáil.

Dhein na hIodáilig aithris ar an Liodán so sa bhliain 1848 roim laethanta glórmhara Mhilan (Feic “Cuimhneachán an Legióin Pholannaig” den bhliain 1848, iml. a hAon, leath, a 178).

L. M.

Páras, 24 Nodlaig, 1881.