Ba mhaith liom mo bhaochas do ghabháil le hAodh de Blácam ar dtúis mar gheall ar an suim a chuir sé am’ shaothar agus mar gheall ar gurb iad na giotaí d’aistrigh sé ón bhFraincis, agus a chuir sé i gcló i mBéarla i Saoirse na hEireann, a chéad-chuir ag cuimhneamh ar an obair do dheunamh in aon chor me. Annsan ba mhaith liom ma bhaochas do ghabháil leis an Athir Clement, an Mhainistir, Baile Loch Riabhach, mar, nuair a hinnseadh dó go rabhas chun an leabhair d’aistriu, do chuir sé ag triall orm an t-aistriú Gaedhilge a bhi deunta aige féin agus duairt sé liom mo rogha úsáid a dheunamh de. Gabhaim baochas thar cách leis an Athir Risteárd Pléimionn, uachtarán Choláiste Gaedhilge Bhaile-áth-cliath, mar, nuair a bhíos ag ath-scríobhadh an leabhair, tar´eis é bheith i gcló i Nationality (19-2-1916—22-4-1916) agus sa phápéar eile a bhi ag Art ó Gríofa taréis teacht a bhaile ó Shasana dhó (17-2-19 17—21-4-1917), do léas ó thúis deire dhó é agus, ghá chur i gcumpráid leis an mbun-Fhraincis dúinn, do cheartuigh se é i ngach áit nur ghá é cheartú agus thug se mórán comhairle dhom i dtaobh conus feabhas a chur ar mo chuid Gaedhilge agus ar an stíl, agus do ghlacas agus do chuireas i bhfeidhm go fonnmhar furmhór na comhairle sin. Do thespeánas roinnt de don Athir Peadar ó Laoghaire, Canónach, leis, beannacht Dé lena anam! agus do chuir sé feabhas ar an stíl anso is ansúd, ach measaim nár thaithn se go léir leis go ró-mhór ar fad toisc cainteana bheith ann ná fuil puinn taithí ag muintir na Gaeltachta
Page:Leabhar na Polainne.djvu/11
This page has not been proofread.