aisde in Nationality ar bheatha agus teagasc Mhickiewicz. Fuaireas dorn maith litreacha gan mhoill ag fiafruighe dhíom cá bhfaghfaí Leabhar na bPolannach agus ag ofráil Gaelig do chur air. Tá sin déanta anois ag Liam O Rinn, agus creidim nach dtiocfadh le duine ar bith é dhéanamh níos fearr. Leanann sé go dlúth don teistimhin Fhrainncise ach níl cuma aistriúcháin ar bith ar an Ghaelig, acht í slachtmhar, aclaidhe, saor, nadúrtha, agus aithris bhreá bhlasta aige ar stíl Bhíoblach an údair.
Goid’ iad anois bun agus brí an leabhráin iongantaigh seo agus cerbh’ é Mickiewicz?
Na daoine a bhfuil eolas aca ar litríocht na Sclábhach, deir siad gurbh é Mickiewicz [rugadh i 1798] an file ba mhó den chineál Pholannach, agus nár rugadh sa Rúis féin sárú Mhickiewicz ar bhinneas ceoil ná ar uaisleacht aignidh ach amháin Púiscín. Bíodh sin mar atá, rí-fhile agus drámadóir críochnuithe a bhí ann, agus ní raibh de adhbhar ealadhan aige ach grá don Phólainn agus mórchlú a thíre dúchais. Ba thrua-mhéileach ar fad stáir na Pólainne san XIX-adh aois. Bhí sí díreach i ndiaidh a roinnte ag trí h-impireachta, agus ní haon uair amháin d’ éirigh na Pólannaigh ach arís agus arís, agus ba iongantach do-innste na fearta cogaidh a rinn an cineadh beag i n-aghaidh na gcomhacht mór. Ach tar éis an éirghe amach i mbliain a 1830, scriosadh agus loiteadh an náisiún, agus glanadh a ainm den léarscáil. Bhain na Cosacaí na páisdí go borb dá máithreacha agus thógadar leo iad go h-áit gan ainm; ní raibh áireamh ar an méid daoine a cuireadh chuig na mianacha i Siberia; agus theich na mílte ón Phólainn go dtí an Fhrainnc, go Sasana agus go h-Amerioca. Díbirt Mhór a bhí ann,