Page:Leabhar na Polainne.djvu/26

This page has not been proofread.
22
LEABHAR NA PÓLAINNE.

agus d’órduigh sé gan a bheith de dhlí sa domhan ach dlí a thoile féin: gach ní do mholfadh sé do bheith go maith agus gach ní do cháinfadh sé do bheith ina choir.

7. Agus do bhí lucht feallsamhnachta láimih leis agus iad ullamh ar a áiteamh ar chách gur mhaith an rud a dhein an tImpire nuair a dhein sé amhlaidh.

8. Mar sin ní raibh urraim ag Impire na Róimhe do ní ar bith thuas ná do ní ar bith thíos.

9. Agus do leath an daoirse ar fuaid an domhain go léir; agus ní raibh a lithéid de dhaoirse sa domhan roime sin ná riamh ó shin ach amháin sa Rúis inár n-aimsir féin.

10. Oir, imeasc na dTúrcach féin, ni foláir don tSultánach umhlú do dhlí Mhahmúda: níl cead aige an dlí sin do mhíniú do réir a thoile féin—táid sagairt Mhíslemeacha ann chuige sin.

11. Ach, sa Rúis, isé an tImpire ceann an chreidimh agus pé ní órduighean sé a chreidiúint ni foláir géilleadh don ní sin.

12. Agus do mhéaduig ar an ndaoirse ar fuaid an domhain agus do dhein daoirse chriochnuithe dhi: ní duibhe an doircheacht i lár na hoíche is sia sa mbliain ná an daoirse ba thruime in aimsir dhaorsmacht na Róimhe.

13. San am san do tháinig Iosa Criost, Mac Dé, ar an saol, ghá mhúine do dhaoine gur ina mbráithribh do rugadh iad agus gur chlann d’aon Dia amháin iad,

14. Agus gurb é is mó imeasc daoine ná an té dheinean fónamh dóibh agus a thugan a anam ar a son. Dá fheabhas a bheadh duine isea ba chóra dhó íbirt a dhéanamh de féin. Uime sin níorbh fholáir do Chríost, don té do bfearr ar bith, a chuid fola do thabhairt ar son na ndaoine sa pháis ba ghéar-dhólásaighe.