15. Is mar sin do mhúin Críost dúinn gan brí ar bith
do dhéanamh d’eagna dhaoine, ná de chomhacht, ná
de shaibhreais, ná de choróinn, ná de ní air bith ach
amháin d’íbirt a dhéanamh dínn féin chun leasa don
chine daona.
16. Agus an té a thugan suas é féin ar son cách, gheo sé eaqna agus comhacht, saibhreas agfus coróinn, ar talamh agus ar neamh agus san uile áit.
17. Ach an té dheinean íbirt de chách dhó féin chun go mbeadh eagna agois comhacht agus saibhreas aige, ní bheidh aige ach baois agus dealbhas aqus damnú ar talamh agus in ifrionn agus san uile áit.
18. Agus deir Críost sa deire: An té a leanfidh Mise slánófar é óir is Mise an Fhírinne agus an Ceart.
19. Agus nuair a bhí Críost ag múine na nithe sin do ghaibh scanradh na breitheamhain do bheireadh brethúntas in ainm Impire na Róimbe agus dubhradar: Do scriosamair an Ceart as aghaidh na talmhan agus seo chugainn tharnais arís é; marbhuighmís é agus cuirimís é.
20. Agus do chuiredar chun báis an té ba naofa ao'us ba nea-chiontaighe ar bith, agus do chuireadar sa tuama é agus do ghlaodar: Ní mhairean Fírinne ná Ceart ar an dtalamh feasta. Cé éireoidh chun Impire na Róimihe anois?
21. Ach ba chaint bhaoth an chaint sin acu, mar ní raibh ifhios acu, nuair a dheineadar an choir sin thar corthaibh, gur líon si tomhas a n-éagcórtha dhóibh agus gur chuir sí a gcomhacht ar neamhní nuair ba mhó a n-áthas uimpe.
22. D’éirig Críost ó mharbhaíbh agus do ruaig chun siúil roimis na himpirí agus do chuir an chros os cionn