a bpríomh-chathracha; agus thug na tiarnaí saoirse dá ndaoraibh agus d’admihuighdar gur bhráithre dhóibh féin iad; agus na ríthe do hungadh in ainm an Tiarna d’admihuighdar dlí Dé do bheith os a gcionn; agus dfill an Ceart ar an dtalamlh arís.
23. Gach treabhchas daoine do ghlac an creideamh— Gearmáinig, Iodáilig, Francaig, Polannaig—d’admhuighdar go léir gurbh aon chine amháin iad agus do tugadh an Chriostuiacht mar ainm ar an gcine sin.
24. D’admhuig ríthe na gcineacha go léir gur bhráithre dá chéile iad agus do ghluaisidís fén aon chomhartha amháin, fé chomhartha na croise.
25. Do théidís na curaí uile ag comhrac le págánaig na hAise chun Críoistuithe na hAise do chosaint orra aguS chun tuama an tSlánathóra bhaint díobh.
26. Agus crosáid an ainm a tugadh ar an gcogadh san na hAise.
27. Agus, bíodh nách chun glóire do thuilleamh dóibh féin do throideadh na Criostuithe, ná fós chun talamh ná saibhreas do bhaint amach dóibh féin, ach chun na Tíre Beannuithe do shaoradh, thug Dia dhóibh, mar thuarastal as an gcogadh san glóire agus tíortha agus ollamhathas agus eagna. Agus tháinig glóire agus órdú agus saibhreas chun na hEorpa. Chuir Dia an rath uirri óir do dhein sí íbirt di féin ar mhaithe leis an gcomhursain.
28. Agus bhí an tsaoirse agf leathadh ar fuaid na hEorpa go righin réidh rialta gan stad: ó ríthibh anuas do tháinig si godí na móruaisle, agus ar bheith saor dóibh sin do leigedar uatha chun na mionuasal i agus uatha san do tháinig si chun na gcathrach; agus níorbh fhada go mbeadh sí chun na coitiantachta anuas agus