bhí’s acu, an té adhran Dia, go dtugran sé omós don mhaith.
83. Is mar sin dfan an náisiún Polannach dílis do Dhia a sinsear ó thúis deire.
84. Ríthe agus laochra na Polainne, níor thugadar fogha fé náisiún Chríostuidhe riamh, aoh do chosnaidís an Chríostuiacht ar phágánachaibh agus ar bhanbarachaibh do thugfadh leo an daoirse.
85. Agus do chuadar ríthe na Polainne i gcéin ag cosaint na Críostuiachta, Ladastás go Varna, agus Seán go Vienna, chun an taobh thoir agus an taobh thiar do shaoradh.
86. Riamh níor ghabhdar ríthe ná laochra na Polainne seilbh ar éigin i dtailtibh a gfcomhursan; ach do ghabhdar cineacha chúcha mar bhráithre ghá gceangal leo tré chredeamh agus saoirse do bhronnadh orra.
87. Agus thug Dia luacht saothir dóibh: óir do cheangail pobal mór uasal, muintir na Lituáine, leo, mar a cheanglóch céile lena mhnaoi, dhá anam in aon chorp amháin. Agus ní raibh riamh roime sin a lithéid de cheangal idir dhá phobal, ach beidh sa deire.
88. Oir an ceangal so, an pósa so na Lituáine leis an bPolainn, is samhaileas é don aondacht a bheidih idir na puibleacha Críostuidhe fós in ainm an chredimh agus na saoirse.
89. Agus thug Dia dá ghrasaibh do ríthibh na Polainne agus do laochra na saoirse go dtugadar go léir bráithre ar a chéile, ar bhocht agus ar shaibhir díobh. Agus ni raibh a lithéid de shaoirse ann riamh roime sin ach beidh fós san am atá le teacht.
90. Agus bhí ni ba mhó in aghaidh an lae dfearaibih
an domhain ag an rí agus ag an laoahra dá
B