í, i bpearsain Náisiúin fhíoraonta ná sléachtan dár n-íodhalaibh. Téanaimís agus. marbhuighmís an Náisiún so. Agus do bheartuighdar an feall eatorra.
98. Do dhruid rí ria Prúise leis an Náisiún Polannach agus d’umhluig agus do bheannuig di, ghá rádh: A chara liom. Ach bhí sí díolta aige cheana féin ar thríochad baile den Pholainn Mhóir, fé mar a bhí déanta ag Iúdás ar thríochad píosa airgid.
99. Agus do rug an bheirt eile greim ar an Náisiún Polannach agus do cheangladar í; agus bhí an Francach ina bhretheamh acu agus thug sé a bhreith: Go deimhin féin, ní bhfaighim aon choir sa Náisiún so; mo bhean chéile, an Fhrainc, bean imeaglach, tá sí céasta ag droch-aislingíbh; mar sin féin, beíridh greim ar an Náisiún so agus cuiridh chun báis í. Agus do nig sé a lámha.
100. Dubhairt an ministir Francach: Ní féidir dúinne ár gcouid fola agus ár gcuid airgid a thabhairt chun na nea-chiontaighe seo dfuascailt; óir is liomsa mo chuid fola agus mo chuid airgid, agus is lem thír fuil agus airgead mo thire.
101. Is amhlaidh sin a dhein an ministir sin an diamhasla deirineach in aghaidh Chríost; óir do mhúineadh Críost gur leis an gcine daona go léir, lena bhráithribh féin, fuil Mhic an Duine.
102. Agnis nuair adubhairt an ministir an focal san, do thuitedar na crosa ée thúraibh na príomh-chathradh anuas; óir, cheana féin, níorbh fhéidir do Chríost an pobal do ghlac Tairbhe chúcha mar íodhal do shoillsiú a thuille.
103. Casimiir Périer ab ainm don mhinistir sin, .i. réamh-ainm Shlábhach agus sloinne Laidne. On dá fhocal Kazic agus mir a réamh-ainm, sé sin le rádh,