fear na síochána do thruailliú nó do mihilleadih. Agus a shloinne, ón bhfocal perire, cialluighean sé an té fé ndeár díthú nó an mac mallachtain. Agus isiad ainm agus sloinne Antichríost an ainm agus an sloinne sin. Agus beidh seisean malluithe mar a chéile sa chine Shlábhach agus sa chine Laidneach.
104. Agus do réab an fear san ceangal na bpuibleacha mar a dhein on t-árdshagart ludach a bhrat do réabadh nuair a chuala sé guth Chríost.
105. Is amhlaidh sin a chuiredar an Náisiún Polannaoh chun báis agus a chuiredar sa tuama í agus do ghlaoidh na ríthe: Ta an tSaoirse curtha chun báis agus adhlactha againn.
106. Ach ba bhaoth an glaoch acu é; óir, ag déanamh na coire deiridh sin dóibh, bhí tomhas a gcortha acu á líonadh, agois nuair a bhíodar ag déanamh áthis uimpi bhí deire á chur leną gcomhacht.
107. Oir níl an Náisiún Polannach marbh: tá a corp ina luighe sa tuama; ach ta a hanam, imithe síos d’uachtar na talmhan, sé sin le rádh, ón saol poblidhe go Limbo, sé isin, godí gnáth-shaol na bpuibleacha atá ag fulang na daoirse ina dtír féin, ionnus go mbe sí ina fínné ar a bhfuil acu dá fhulang.
108. Ach fillfidh an t-anam ar an gcorp an treas lá: aiséireoidh an Náisiún, agus fuascló si a’ daoirse puibleacha uile na hEorpa.
109. Agus tá dhá dá imithe cheana féin: do chriocnuig an chéad lá ar chéad-ghabháil Bharsá; agus an tarna lá ar ath-ghabháil Bharsá; agus tiocfidh an treas lá, agus ní bheidh deire leis choíche.
110. Agus fé mar a stad na híbeartha fola ar fuaid an domhain go léir nuair aisérig Críost, sin mar a stadfid na cogaí ar fuaid na Críostuiachta nuair aiséireoidh an Náisiún Polannach.