Page:Leabhar na Polainne.djvu/46

This page has not been proofread.
42
LEABHAR NA PÓLAINNE.

sagart, ionnus go ndoirtfí orra na grásta ba riachtanach chun íbeartha. Agus tugtaí seirbhíseach na seirbihíseach ar fhear ionaid Chríost.

6. Agus an léann, dó réir Chríost, ba chóir gurb é briathar Dé, arán agus tobar na beatha, é. Dubhairt Críost: Ní har arán amháin a mhaireann an duine ach ar an uile fhocal dá dtagan ó bhéal Dé.

7. Agus faid a bhí san mar sin bhi meas ar an léann agus ar an gcomhacht. Ach ar ball do shleamhnuig droch-dhaoine isteach i gcomhacht mar shleamhnóidís isteach ar leabaidh chlúimih chun collata, Agus ní dheinidís oifig phoiblí do mheas ach mar thigh tábhairne, do réir a shochair.

8. Agus na daoine foghlumanta, in ionad an aráin, is nimh a roinnidís, agus ba chosúil a nglór le fothram na muileann bhfolamh, gan cruithneacht an chreidimh ionta agus a bhfothram aca á dhéanamh gan éinne do chothú.

9. Agus do dhein díbhse cloch dhearbhuithe da phriúnsaíbh agus d’ollamhnaibh an tsaoil seo; óir, ar bhur n-oilithreacht daoibh, nách mó an chabhair a fuarúir ó lucht déirce ná ó phriúnsaíbh. Agus i gcólannaibh agus i bprísúnaibh agus in anródh dhaoibh, nár bhfoláine dhaoibh aon phaidir amháin ná léann Voltaire agus Hegel, ná fuil ann ach nimh, agus ná léann Ghuizot agus Chousin, ná fuil ionta ach mar bheadh muilinn fholmha?

10. Agus sine cúis ’nar thuit léann agus comhacht fé mhí-mheas; oir, san Eoraip, dar le daoine is ministir ceart an droch-dhuine, sé sin, fear den rialtas; agus dochtrainéir isea an t-amadán, sé sin, sophistés.

11. Mar sin a bhí, leis, nuair a tháinig Críost. An