agus daoine gan eolas, conus fhéadfimídne ollamhain na gcrioch is mó foghluim agus is aoirde nós do chur ina dtost?
25. An té labhran an chaint sin breithnigiheadh sé conus mar ab iad ollamhain chatbair na hAithne ba mhó cáil agus ba mhó foghluim agus ab aoirde nós: ach do claoidheadh le briathar na n-asbal iad; óir, nuair a thosnuighdar na hasbail ar bheith ag teagosc in ainm Dé agus na Saoirse, do thréig na daoine na hollamhain agus do leanadar na hasbail.
V.
1. Ní haon uair amháin adubhradh libh go raibh sibh i lár na náisiún síbhiailta agus nár mhór daoibh síbhialtacht dfoghluim uatha, ach bíodh fhios agaibh, na daoine labhran libh i dtaobh síbhialtachta, ná tuigid féin cad a bhíon aca á rádh.
2. O phréimh Laidne, .i. civis, .i. cathrathóir, an focal síbhialltacht (civilisation), agus cialluian sé cathrachas (civisme) (.i. grádh don chathair nó don athardha). Tuigtí cathrathóir ar an té dheineadih íbirt de féin ar son a thíre, mar a dhein Scévola, agus Curtius agus Décius agus tugtí cathrachas ar a lithéid sin d’íbirt.
3. Ba shobhailce ag págánachaibh an ní sin ach ná raibh sí chó hárd de shobhailce leis an sobhailce Chríostuidhe a órduighean íbirt a dhéanamh de dhuine féin ní hamháin ar son na hathardha ach ar son na cine daona go leir; ach ar aon chuma ba shobhailce í.
4. Ach le himeacht aimsire, sa mheascadh teangthacha do lean adhradh na n-iodhal, tugadh síbhialtacht ar gach faisean dá nuacht in éadaíbh áille agus ar bhiathibh sobhlasta agus ar thithibh ósta compór-