atá an fhíor-shíbhialtacht Chríostuidhe do mhúine dhóibh-sin.
7. Is maith an rud eolas ar cheárdaibh agus ar ealadhnaibh agus ar eoluiacht. Ní himeasc Eorpach amháin is féidir mórán nithe fónta dfoighluim, ach imeasc Túrcach agus imeasc daoine fiaine, leis. Foghlumuig iad, mar sin, ionnus go bhféadfir maireachtaint ar do shaothar féin, fé mar a mhairidís na hasbail ar chéird, ar shiúinéireacht nó ar fhighdóireacht nó ar fhonnsóireacht; ach ní dhearmhadaidís gurbh asbail iad agus go raibh orra nithe ab uaisle ná ceárda is ná ealadhna is ná leann do mhúine do dhaoine.
8. Ná dein aighneas le heachtrannaibh, le réasúnaibh agus le mórán cainte, mar is eol duit gur lucht cabaireachta agus béicighe iad, ar nós leanbhai scoile, agus an garsún cainteach droch-mhúinte ní leigean sé an focal deireannach leis an máistir is mó foghluim.
9. Teagaisc iad led’ dhea-shompla, mar sin, agus freagair a gcuid cabaireachta le soluídi a’ Soíscéal Chríost agus a’ Leabhar na nOilithreach.
VII.
1. Deir Críost: An té a leanfidh mise, fágadh sé a athir agus a mháthir, agus cuireadh sé a anam gcontabhairt.
2. Deir an tOilithreach Polannach: An té leanfadh an tSaoirse, fágadh sé a thír agus cuireadh sé a anam i gcontabhairt.
3. Oir, an té fhanan ina thír agus fhuilingean an daoirse dfonn a anam do choimeád, caillean se a anam agus a thír; ach an té fhágan a thír chun na Saoirse do chosaint go himirt anama, beidh a thír aige agus mairfe sé go síorraidhe.