gclainn in bhur ndiaig agus go mbeidh beannacht na dúithe oraibh.
5. Ach ní leigfeadh an leisce dhóibh dul chó fada ó bhaile, agus bhí eagla orra roimis an mbás: mar sin níorbh fhada go bhfuaradar bás ar a leapachaibh. Do ghluais an droch-ghal roimis agus tá sé tagaithe isteach i ndeich nduthaighe cheana féin.
6. Oir, an té ná héireoidh amach as a thig chun dul ag troid leis an olc, chun é scrios as aghaidh na talmhan, tiocfidh an t-olc féna dhéin agus seasó sé aghaidh ar aghaidh leis.
X.
1. Cuimhnighidh go bhfuil sib i lár na gcoigcríoch mar bheadh tréad caorach imeasc na bhfaolchon nó camtha i dtír namhad agus beidh síocháin eadraibh.
2. An mhuintir ná mairean i síocháin is cosúil iad leis na reithí a théan amach ón dtréad, óir ní bholaithighid an machtire; nó, is cosúil iad le saighdiúirí a théan amach ón gcamtha, óir ní thugaid siad an namhaid fé ndeara; ach dá mbolaithigheadh na reithí an machtíre agus dá bhfeiceadh na saighdiúirí an namhaid dfanfidis i bhfochair na coda eile.
3. Agus ní hiad an Trionóid Shátanda amháin is namhaid agaibh ach iad súd uile a dheinean beart agus caint in ainm na Tríonóide sin; agus imeasc na gcoigcríoch is líonmhar iad lucht Neart agus Có-throm agus Criochnú an Fháinne agus Tairbhe d’adhradh.
4. Ni có-mhaith sibh go léir, ach an té is measa oraibh is fearr é ná an coigríoch fónta, óir ta an spioraid chun íbeartha dhéanamh de féin i ngach duine agaibh.
5. Agus ma ta cuid agaibh nách mar a chéile is mar