Page:Leabhar na Polainne.djvu/61

This page has not been proofread.
57
LEABHAR NA PÓLAINNE.

dóibh agus, toisc iad do bheith sanntach, ní thabharfidís an t-adhmad dóibh gan airgead.

6. Chuadar isteach sa choill mar sin agus do chromadar ar na crainn dféachaint agus bhíodar ag cur is ag cúiteamh eatorra féin féachaint cá mhéid crann a bheadh uatha agfus conus a dhéanfidís an t-árthach; ce aca ar nós an tsean-árthaig é nó ar nós nua: ce aca frigéad nó brig nó cuitéir a dhéanfidís.

7. Faid a bhí an méid sin ar siúl, d’airig muintir na háite geoin an aighnis a bhí eatorra agus do rithedar isteach agus do ruagadar na deoruithe amach as an gcoill.

8. Agus tháinig buairt ar na deoruithe agus do chuadar i gcomhairle arís.

9. Agus dubhairt cuid aca gurbh é an píolóid fé ndeár briseadh na luinge agus ba mhaith leo é mharbhú ach bí sé báite cheana. Bhí cuid eile acu ag cur an mhilleáin ar na miáirnéalaig ach toisc gan ach beagán máirnéalach a bheith acu ni fhéadfidís cur chun faraige dá marbhaighdís iad agus mar sin níor dheinedar ach taircuisne thabhairt dóibh agus greas fonomhaide dhéanamh fútha.

10. Bhí cuid aca ghá áiteamh gurbh í an ghaoth adtuaidh fé ndeár an longbhriseadh. Ar an ngaoith aniar a chuir cuid eile aca é agus dubhairt cuid eíle fós gur charraig bháite fé ndear é. Agus d’eirig aigneas mór eatorra agus do lean an t-aighneas ar feadh bliana agus níor dheinedar tada.

11. Ansan dtubhradar: Scaram le chéile agus loirgeam slithe beatha dhúinn féin. Agus do chuaidh na siúinéaruithe ag déanamh tithe agus na saoir chloiche ag déanamh saoirseachta, agus na saoithe