Page:Leabhar na Polainne.djvu/63

This page has not been proofread.
59
LEABHAR NA PÓLAINNE.


21. I gcionn na haimsire sin dubhairt an fear ionnraic leo: Toghaidh ar dtúis siúinéir chun árthaig do dhéanamh daoibh go tapaidh, agus bíodh an t-árthach ar an sean-nós agaibh go fóill mar níl uain againn ar thabhairt féna mhalairt.

22. Agus nuair a bheimíd ar bórd agus amach ar an bhfaraige cruinneoimíd na máirnéalaig go léir agus déarfimíd leo píolóid a thogha.

23. Ní mian teis na máirnéalaig, ach chó beag linne, go mbáfí iad agus dá bhrí sin is fear maith a thoghfid siad.

24. Agus má éirighean eadrainn ansan beidh deire leis an aighneas láithreach, mar déanfidh na fir láidire na fir laga do cheangal nó iad do chaitheamh amach sa bhfaraige; ach faid a bheimíd anso ni bheidh deire le haon achrann choíche, mar níl neart dúinn duine do thachtadh ná do chur chun báis.

25. Do deineadh mar adubhradh agus do chuadar ar bórd na luinge fé áthas.

XII.

1. I gcóthionólaibh agus i gcomhairlíbh daoibh ná deinidh aithris ar lucht na n-íodhal d’adradh.

2. Le hithe agus le hól, ar dínnéar nó ar suipar, isea thosnuigheadh cuid agaibh cóthionóil agus comhairlí agus có-cheilgí, nithe a iarran ciall agus aondacht.

3. Cé airig riamh ciall do theacht a’ bolg lán nó síocháin a’ ceann ar meicse; cé airig riamh gur cuireadh tír ar a bonnaibh arís le feoil agns le fíon?

4. Sine an fáth ná bíon an rath ar a lithéidí sin de chomhairlíbh agus de chó-cheilgíbh, óir críochnuightar mar a tosnuightar.