Page:Leabhar na Polainne.djvu/67

This page has not been proofread.
63
LEABHAR NA PÓLAINNE.

gurbh usaide dhaoibh breith do bhreith, ní har an bhfear thall ach oraibh féin, a cuireadh síos an chomhairle sin tuas.

24. Ná bídh dian ar an bhfear thall. Bídh dian oraibh féin. Oir is do réir na breithe a thabharfa sibh a tabharfar breith oraibh.

25. Breithnighidh an rud diamhair seo:

26. An te a thabharfidih breith ró-dhian ar a chomharsain mar gheall ar locht ar bith, pe aca meattacht nó faillí nó guagacht é, is deimhin dó fein tuitim sa locht san agus tabharfid daoine eile breith air.

27. Agus sin rud a thuig Polannach diadha áirithe agus a chuir sé in úil dúinn.

28. Isiad na daoine meatta is déine thugan brethúntas ar an bhfear meatta agus isiad na gaduithe is mó cháinean an gaduidhe, agus isiad na hamadáin is aoirde geoin mhagaidh fén amadán.

29. Labhran an fear ciallmhar cródha dfocalaibh boga ceannsa; ach mas taoiseach é nó breitheamh agus go dtugan an pobul an claidheamh ina láimh dó, ansan bíon sé cruaidh agus beirean sé breith ar dhaoine agus cuirean sé pionóis orra do réir a choinsiais, mar isé an pobal go léir a bheirean a mbreith tré na bhéal agus isí lámh an phobail a chuirean daoine chun báis leną chlaidheamh.

30. Ach labhran an fear baoth go cruaidh agus go borb faid ná bion se ach ina dhuine den choitiantaoht; ach an túisce na ndeinean sinsear agus breitheamh ar an bpobal de tagan a shuaruiacht chun soluis, óir bíon sé imeaglach, claon, agois ní do réir chroidhe an phobail a bhíd a bhreitheana aoh do réir an ghrádha nó an fhuatha bhíon aige dhó so nó dhó súd.