Page:Leabhar na Polainne.djvu/69

This page has not been proofread.
65
LEABHAR NA PÓLAINNE.


2. Bhíodar saighdiúirí calma áirithe ag tabhairt an asáilt ar chathair áirithe. Do cuireadh dréimire suas le falla na cathrach agus do ghlaoidh an sluá: An té is túisce leagfidh cos ar an bhfalla is aige a bheidh an curadh-mhír.

3. Do rith an chéad chomplacht rompa agus ó ba mhian le cách bheith ar an gcéad duine a raghadh anáirde ar chéimeanna an dréimire, do thosnuighdar ar bheith ag brúth ar a chéile i dtreo gur leagadar an dréimire agus gur thuitedar de bharra an fhalla anuas agus gur marbhuigheadh iad.

4. Do cuireadh suas an dara dréimire agus siúd féna dhéin an dara complacht agus an té ba thúisce léim anáirde ar na céimeana do scaoileadh leis agus do lean an chuid eile é.

5. Ach ní raibh an saighdiúir tosaig ach leath na slí suas nuair a chuaidh dá neart, agus stad sé agus bhí sé sa tslí ar an g-cuid eile. Do thosnuig an fear a bhí laistíos de ar bheith ag achrann leis; do thóg sé den dréimire é agus do chaith sé uaidh síos é, agus do chuir sé an chuid eite ag tuitim i ndiaig a gcúil síos: do bhí ina chíréib agus do marbhuigheadh iad go léir.

6. Do cuireadh suas an tríomhadh dréimire agus áo phreab an tríomhadh complacht anáirde air; do goineadh an fear tosaig agus níor mhaith leis dul ní ba shia anáirde. Ach fear maith láidir ab ea an té a bhí ina dhiaig; agus, gan focal do rádh dhó, níor dhein sé sin ach greim a bhreith ar an bhfear tosaig agus é bhreith ar a bhéalaibh leis suas, ghá chlúdach féin leis mar a

dhéanfá le sciath cosanta agus do chuir sé ar bharra

C