an fhalla é; do lean an chuid eile in eagar agus in órdú agis do ghabhdar an chathair.
7. Do chuaidh an slua i gcomhairle ansan agus ba mhaith leo an curadh-mhír do thabhairt don fhear láidir, ach do labhair seisean leo mar seo:
8. A shaighdiúirí na páirte, dfógrúir an curadh-mhír don té ba thúisce leagfadh cos ar an bbfalla; seo anso saighdiúir créachtnuithe a bhí ann romhamsa; dó san, mar sin, is cóir an curadh-mhír do bhreith leis. Is tríd do ghaibh Dia an chathair.
9. Ná bíodh meas suarach agaibh air, ghá rádh: An do luas cos amháin is cóir tosach a thabhairt; óir áirmhightar luas, leis, mar dhea-thréith sa tsaighdiúir, chó maith le neart agus le cródhacht.
10. Ná habraidh nár dhein sé tada; óir, mara mbeadh gur goineadh romham-sa amach é, is mise a goinfí ag-us béidir ná tógfí an chathair indiu. Mar, an té a chosnan, tá sé chó maith leis an té a bhuailean, agus is có-mhaith sciath agus claidheamh. Níl aon ghnó agam de churadh-mhír, mar is eol daoibh go léir cad a dheineas.
11. Tugan Dia an buadh dhúinn tré luas an chéad duine, tré chródhacht an dara duine, tré neart an tríomhadh duine; ach nuair a dheinean an fear láidir nó an fear gasta a chomráduidhe lag do chaitheamh síos in ionad é bhreith leis anáirde, cuirean sé mearathal agus tré chéíle ar a mhuintir féin agus bristear orra; agus, má dheinean sé maoidheamh as a ghníomhartha féin, cuirean sé síol an easaontais.
XIV.
1. Tugadh cách a thalant don athardha, mar a cuirtar déirc i gciste na mbocht, fé cheilt, agus gan