Page:Leabhar na Polainne.djvu/72

This page has not been proofread.
68
LEABHAR NA PÓLAINNE.


9. Agus an té thaiscighean an gráinne mar aon leis an ndéis i gcóir na hathbhliana, i gcóir na beatha síorraidhe, gheo sé céad gráinne as, agus as an gcéad gráinne sin gheo sé na mílte míle gráinne.

10. Agus sin é an fáth gurb é an fear is sia fhanan gan luacht saothair is mó gheibhean de luacht saothair; agus mara bhfachtar tuarastal i bhfus is móide an tuarastal a gheofar thall é.

11. Cad déarfá leis an muintir a bhín ag gearán, ghá rádh: Dheineamair go calma, agus níl comhartha onóra ná árd-chéim tagainn? An ar son céimeana agus comharthaí onóra a throidean sibh, mar sin? An té a throidean ar son céimeana agus comharthaí onóra, teadh sé anonn chun na Muscobhíteach.

12. Agus cad déarfá leis an muintir a bhíon ag ceisneamh, ghá rádh: Sin fear ar thaobih na láimhe deise. fear imeaglach, agus comhartha onóra air: sin fear eile ar thaobh na láimhe clé, fear gan feidhm, agus árd-chéim fachta aige? An amhlaidh a dheinean an dea-shaighdiúir féachaint ar dheis ná ar chlí agus é ag déanamh ar an namhaid? Ní fhéachan sé ar dheis ná ar chlí; téan se díreach ar aghaidh. Fear meatta an té fhéachan ar dheis ná ar chlí. Is leis an dtaoiseach a bhainean féachaint agus feiscint.

13. Agus cad déarfá leis an muintir a bhíon ag gluairean, ghá rádh: Do mealladh ar dtaoiseach i dtaobh na gcomharthaí onóra bhronnadh, mar árd-uighean sé céim na ndroch-dhaoine? Oir chíon gachéinne an locht a bhíon sa taoiseach ach ní fheicean se a dhea-thréithe; agus, ar an dtaobh eile den scéal, chíon duine a dhea-thréithe féin ach bíon se dall ar a dhroch-thréithe. Ach is minic is riach-