Page:Leabhar na Polainne.djvu/74

This page has not been proofread.
70
LEABHAR NA PÓLAINNE.

ghlan godí seomra na fleidhe. Tá camra. i gcóir gachaon tsórt salachair i ngach tig ach tá sí i bhfolach ó shúilibh daoine.

4. Tá daoine ar bhur measc agus, nuair a labhraid siad le heachtrannaibh i dtaobh na hathardha, is ar an ni nách beacht ná fónta, i ndlithibih nó in institiúidíbh, a thráchtaid siad ar dtúis; tá daoine eile, ámh agus is ar an ní atá álúinn agus gur fiú é a fheiscint a thráchtid siad ar dtúis. Innsidh, dá bhrí sin, cé aca aca san na daoine ciallmhara agus cé aca aca na daoine gan chiall agus cé aca taobh aca go dtiocfidh leo na haoidheana chruinniú ina dtig?

5. Ná caithidh péarlaí chun na muc; ná tráchtaidh le gachaon stróinséir ar na nithe móra thug bhur náisiún chun críche chun leasa don domhan; óir, tá cuid desna stróinséaruithe agus ni chreidfid siad sibh agus ni thuigfidh an chuid eile godí go dtiocfid siad ar mhalairt aigne.

6. Bhí Críostuidhe áirithe ina chomhnuí in aice coille do cuireadh ina cúram air. Féachaint dá dtug sé thairis lá do chomaic sé an robalaidhe ag éaló as an gcoill i gan fhios agus ag déanamh anonn ar thig ósta ina raibh roinnt Giúdach ina gcomhnuí, chun iad do mharbhú agus do robáil. Do labhair an robáluidhe leis an maor coille: Tugam fútha in éineacht, ar seisean, agus roinnfimíd a gcreach eadrainn.

7. Bhí gunna ina láimh ag an maor agus, cé ná raibh ann ach mion-philéaracha i gcóir na mion-ean-laithe, chaith sé leis an robállaidhe agus do ghoin sé é; ach do goineadh é féin ní ba mheasa. Thosnuídar ansan ar bheith ag gabháil do dhóirnibh ar a chéile agus, taréis bheith ag troid ar feadih i bhfad, do leag