an robáluidhe an maor agus do ghabh sé do chosaibh ann agus do bhí sé marbh aige, dar leis. Ach toisc é bheith gonta agus é bheith ag taibhairt fola go tiugh níor fhéad sé an robáil a dhéanamh agiis do bhain sé amach an choill arís. Dála an mhaoir, do chuaidh sé de lámhcán godí an tig ósta ag lorg caibhrach.
8. Agus dubhairt sé leis na Giúdaíg: Táim taréis bheith ag troid le foghluidhe. Do choisceas agois do ghoineas é; ach an túisce na mbeidh a chréachta cneasuithe fillfe sé, agus mara dtaga sé anso arís, tiocfa sé ar Ghiúdaíge eile agus déanfa sé foghail orra. Eirighidh mar sin agus beiridh greim air agus ceangalaidh é; agus má tá eagla oraibh roimis ná deinidh ach cabhrú liomsa; fear maith láidir isea é ach tá sé tréith anois agus éireoidh linn.
9. Ach do chonaic na Giúdaíg óna dtig cad a thárla agus bhí’s aca go raibh an maor taréis iad a chosaint, ach bhí eagla orra go n-iarrfadh sé luacht saothair.
10. Mar sin de, do leigeadar orra go raibh iongna an domhain orra agus dfiarfuighdar de cá dtáinig sé agus cad a bhí uaidh. Thug na seandaoine arán agus uisce beatha dhó, agois bhi na leanbhai ag gol, le trua dhó mar dh’ea.
11. Agus dubhradar d’aon ghuth: Ni chreidimíd gur theastuig ón bhfogluidhe sinne a mharbhú; is minic a bhi sé anso cheana agus d’óladh sé roinnt uisce beatha agus ní dheineadh sé aon cheataighe dhúinn.
12. Má bhí sé anso cheana, arsan maor, is daoibh is measa, mar thug se súilfhéachaint ar an dtig agus ar na comhrannaibh, agus thug se fe ndeara Giúdaíg a bheith ina gcomhnuí sa tig, se sin, aicme chroidhe-lag imeaglach.