Page:Leabhar na Polainne.djvu/78

This page has not been proofread.
74
LEABHAR NA PÓLAINNE.


XVI.

1. Táthaoi ar an dtalamh iasachta, gan tearmann dlí agaibh, mar bheadh lucht taistil a thuitfadh isteach i bpoll i dtír anaithnid.

2. Lucht taistil a bhí taréis tuitím isteach i bpoll i gcóir machtírí agus bhí ar an lucht taistil sin tiarnaí agus seirbhísig agus eoluidhe.

3. Agus nuair a chonacadar go rabhdar in íochtar an phuill, do bhreithnighdar cadé an doimhneas a bhí ann agus, gan focal do rádh, bhíodar ar aon aigne i dtaobh cad ba cheart dóibh a dhéanamh.

4. Agus do chuiredar ina sheasamh in íochtar an phuill an té ba mhó agus ba láidire orra, agus do chuaidh an tarna fear anáirde ar a ghuaillibh sin, aafus do chuaidh an tríomhadh fear anáirde ar ghuaillibh an tarna fir, agus do chuaidh an t-eoluidhe anáirde ar ghuaillibh an tríomhadh fir.

5. Ag déanamh an dréimire ar an gcuma san dóibh ba chuma leo cé ba thiarna agus cé ba sheirbhíseach ach iad á n-ionadú féin, uatha féin, do réir neart agus leithead a ngualann.

6. Do mheasadar fós guirbh fhearr an t-eoluidbe bheith ar an té ab uachtaraighe agus ar an té ba thúisce a cuirfí amach as an bpoll; mar b’é ba mhó eolas ar na bóithre agnas ar na háiteana mórthimpall agus ba thúisce a sholáthróch cabhair dóibh.

7. Ach taréis imeacht don eoluidhe dfanadar ina dtost tamalll, ag ithe an bhídh a bhí ina málaíbh acu, ghá roinnt ar chách do réir méid a ocrais.

8. Cheap cuid acu gur bhaolach ná tiocfadh an t-eoluidhe tharnais, ach dfanadar gan éinní do rádh, sara gcuirfidis mí-mhisneach ar an gcuid eile; níor