Page:Leabhar na Polainne.djvu/81

This page has not been proofread.
77
LEABHAR NA PÓLAINNE.

mar atáthaoi-se ar bhur n-oilithreacht ar an dtalamh iasachta.

2. Ar an oilithreacht daoibh, seachnaidh agus ná bídh ag gearán ná ag gluaireán ná ar uireasa creidimh, óir is peacaí na nithe sin.

3. Is eol daoibh, nuair a bhí Pobal Dé ag teacht tharnais go tír a sinsear, godí an Tír Bheannuithe, go rabhdar ar oilithreacht san uaigneas, agus go dtáinig tuirse chroidhe ar a lán aca, agus go ndubhradar: Téimís tharnais go hEigipt. Beimíd i dtír na daoirse ansan ach beidh flúirse feola agus inniún againn ann.

4. Agus deir an Scríbhinn Diadha gur ghlac Dia fearg chucha agus gur chuir sé oilithreacht an náisiúin i bhfaid, godí go raibh an uile dhuine de lucht an ghluaireáin marbh san uaigneas; óir ní raibh tuillte ag éinne aca an Tír Bheannuithe dfeiscint.

5. Is eol daoibh go raibh daoine ar Phobal Dé gan creideamh aca ina bhfáigíbh agus go ndubhradar: Ach conus a bhainfimíd amach talamh ár n-aithreacha agus ríthe comhachtacha agus cineacha mar chineacha na bhfathach in ár gcoinnibh.

6. Agus deir an Scríbhinn Diadha go raibh fearg ar Dhia mar gheall ar a n-easba creidimh agus gur chuir sé oilithreacht an náisiúin i bhfaid arís, godí go raibh an uile dhuine de lucht an amhruis marbh san uaigneas; óir ní raibh i ndán d’éinne aca an Tír Bheannuithe dfeiscint.

7. Agus do cailleadh ar an gcuma san ní hamháin lucht gluaireáin agus amhrais a dhéanamh go hárd ach fós an mhuintír a choimeád an gluaireán agus an easba creidimh istig ina gcroidhe; óir léan Dia an croidhe mar a léfadh duine leabhar ar oscailt, bíodh gur leabhar dúnta do shúilibh daoine é.