Page:Leabhar na Polainne.djvu/82

This page has not been proofread.
78
LEABHAR NA PÓLAINNE.


8. Staonaidh dá bhrí sin ó pheaca an ghluaireáin agus an amhrais ionnus ná cuirfar laethanta bhur n-oilithreachta i bhfaid.

9. Agus díreach mar a bhí lucht plaighe i longphort an Phobail Toghtha, daoine go raibh lobhra orra no claimhe, táid lucht pláighe ar bhur measc-sa, leis, sé sin le rádh, droch-Pholannaig. Fanaidh amach uatha, mar ta a ngalar níos tógálaighe ná an lobhra! Sidiad comharthaí an ghalair sin:

10. Ní chreidean an lobhar in aiséirghe na Polainne bíodh go mbéidir gur dhein sé comhrac ar a son agus go bhfuil sé ar oilithreacht ar a son. Agus nochtan sé a ghalar le caint den tsórt so: Bhi ’s agam ná raibh san éirghe amach ach dícéille, ach do throideas go calma ar son cúis an éirithe amach mar a dhéanfadh dea-shaighdiúir; tá’s agam nách féidir an Pholann dfuascailt, ach fanfad ar an oilithreacht mar a dheanfadh fear onóra.

11. Chó luath is chloisfir a lithéid sin de chaint, dún do chluasa agus imig, agus innis dosna Sinsearaibh é; agus más breitheamh an lobhar cuirfid siad as a shuidhchán breitheamhntais é, agus bainfid siad an czamara dhe agus déarfid siad leis machtnamh a dhéanamh ina thig féin ar feadh roinnt laethanta.

12. Agus i gceann na laethanta san féachfid siad a bhfuil se ieighiste agus creideamh agus grásta arís aige: agus má tá sé leighiste agus go bhfuil a pheaca tréigthe aige, fógróid siad glan ón lobhra é agus leigfar isteach i gcumann na nOilithreach aris é.

13. Ach maran slán fós dó agus go bhfuil an chaint chéadna ar siúl aige, cuirfid na Sinsir comhartha air, ghá fhógairt go bhfuil sé nea-ghlan. Agus caithfidh