Page:Leabhar na Polainne.djvu/84

This page has not been proofread.
80
LEABHAR NA PÓLAINNE.

san é; óir is féidir peaca mór a dhéanamh i gcoinnibh na hathardha le bríathar agus le smaoineamh, agus ní raghaidh aon pheaca desna peacaíbh sin gan díol as.

20. Siniad na slithe ina gcuirfe sibh i gcoinnibh na lobhar ar an oilithreacbt Pholannach.

XVIII.

1. Táthaoi i lár na n-eachtrannach mar a bhí na haspoil i lár lucht na n-íodhal d’adhradh.

2. Ná glacaidh fearg chun lucht na n-íodhal; buailidh-se leis an mbriathar iad agus buailfid daoine eile leis an gclaidheamh iad. ’Siad daoine bhuailfidh iad ná na Giúdaíg nó lucht an tseannreachta ’na bhfuil urruim aca dArdchomhacht an Phobail agus do Chó-ionannus agus don tSaoirse. Tá fuath aca do lucht na n-íodhal, ach níl aon ghradh aca don chomhursain, agus do cuireadh iad chun íodhal-adharthacha Chanaan do dhísciú.

3. Agus réabfid siad na híodhail agus tabharfid siad breith ar lucht na n-íodhal do réir dhli Mhaoise agus Iosua agus Robespierre agus Saint-Juste, ghá ndísciú, ón naoidhean ar cích godí an seanóir, ón mbeithíoch mór godí an gadhairín; óir, má tá a nDia, ar a dtugtar Ardchomhacht an Phobail, má tá sé ceart tá sé borb agus mar bheadh teine chraosach.

4. D’ éirig Críost agus a dhlí imeasc na nGiúdach, in a bpríomh-chathair, agus sin mar éireoidh bhur ndlí-se, dlí nua na híbeartha dhéanamh de dhuine féin, dlí an ghrádha, i bpríomh-chathracha na saor-Eorpach.

5. Oir is cosúil Sasana agus an Fhrainc le hIsrael agus le Iúda. Dá bhrí sin, má chloisean sibh na Liberálaig ag aighneas i dtaobh dhá thigh feise, nó