i dtaobh tigh feise do thiarnaíbh, nó i dtaobh tigh feise do theachtairíbh toghtha, nó i dtaobh modh an toghtha, nó i dtaobh lucht pinsin an rí, nó i dtaobh saoirse na bpáípéar nuachta, ná deinidh iongna dá n-eagna: isí eagna an tseannreachta an eagna san.
6. Fairisínig agus Saducínig isea an mhuintir a bhíon ag díospóireacht ar an dTref agus ar an gKocher, ar ghlan agus ar nea-ghlan, agus ná tuigean cad a bhainean le grádh do thabhairt don fhírinne agus le bás dfáil ar a son.
7. Nuair a chloisfid siad sibh ag labhairt ar Dhia agus ar Shaoirse taréis teacht adtuaidh dóibh, éireoid siad ar buile agus árdóid siad a nglór fé mar a dheinedar na hollamhain i gcoinnibh Chríost nuair acubhradar: Cá dtáinig an méid sin eolais chun mic an tsiúinéara? Agus conus is féidir fáidh a theacht a’ Nasaret? Agus conus a leomhan sé sinne do mhúine, sinne, na sean-ollamhain?
8. Agus nuair a labharfid siad ar bhur gcoga chun slánuithe na náisiún, ni shéanfid siad in aon chor gur dheiniúir go maith, ach déarfid siad ná raibh an t-am oireamhnach, fé mar a dheinedar na hollamhain nuair a chasadar le Críost gur leomhaig sé daoine do leigheas lá na sabóide, ghá rádh: Bhfuil sé ceaduithe leigheas do dhéanamh ar an sabóid? Bhfuil sé ceaduithe coga do chur ar an Rúis in am síochána na hEorpa?
9. Ma thugaid siad déirc do bhaintreachaibh agus do dhílleachtaíbh na Saoirse, do bhaintreachaibh agus do dhílleachtaíbh na Spáinneach agus na bPortuingeulach agus na nIodáileach agus na bPolannach, tugaid siad uatha é le mórán gleo insna có-thionólaibh, mar a dheinidís na Fairisínig.