Page:Leabhar na Polainne.djvu/86

This page has not been proofread.
82
LEABHAR NA PÓLAINNE.


10. Agus má thugaid siad éinní dá n-athardha féin bíd siad ag diospóireacht féachaint an mór ba cheart dóibh a thabhairt uatha do réir dhlí.

11. Ach tá a mhalairt de dhlí agaibhse, óir deirth-se: Leis an athardha an uile ní is linne, agus leis na saor-aicmíbh an uile ní is leis an athardha.

12. Deirid na Sasanaig, a ghrádhan an tSaoirse do réir an tseannreachta: Bainimís an fharaige den Fhrainc arís, mar a bhain Israel na cathracha dIuda; agus deirid Francaig an tseannreachta: Bainimís bruacha na Ríne den Ghearmáin arís; agus deirid na Gearmáinig: Bainimís-na bruacha na Ríne den Fhranc; agus mar sin dóibh sa timpal. Siné cúis go n-abraim libh go bhfuilid siad gan chiall agus go bhfuil galar an íodhal-adhartha orra, adhradh Bhaal agus Mholoch agus Chó-thruime.

13. Oir, na cuanta agus na faraigí agus na mórthiortha isiad oighreacht na saor-aicmí iad. A dtroidean an Lítuáineach leis an bPolannach mar gheall ar theorainn Niémen nó mar gheall ar Ghrodno nó mar gheall ar Bhialystok? Siné cúis na n-abraim libh gur chóir don Fhrancach agus don Ghearmáineach agus don Mhoscobhíteach bheith ar nós an Pholannaig agus an Lítuáinig.

14. Tháinig fear fiain, tráth, in éineacht lena mhnaoi agus lena chlainn, go tigh tréigthe. Nuair a chonaic sé na fuinneoga dubhairt sé: Beidh mo bhean ag féachaint amach tríd an bhfuinneoig sin agus mise a féachaint amach tríd an bhfuinneoig seo agus beidh an tríomhadh fuinneog ag am mhac. Dheinedar amhlaidh agus, nuair a bhíodar ag fágáil na bhfuinneog, do dhein gach duine aca a fhuinneog fein do dhúnadh