Page:Leabhar na Polainne.djvu/87

This page has not been proofread.
83
LEABHAR NA PÓLAINNE.

suas, mar a dheunfadh duine fiain ar bith, i dtreo ná beadh ag an gcuid eile an solus ba leis féin. Ach ní raibh fuinneog ar bith ag an gcuid eile den líntighe.

15. Agus dubhairt an fear allta: Agam féin amháin a bheidh teas na teine seo—mar ni raibh ann ach aon teinteán amháin—deineadh gachéinne eile teine chur síos dó fein, Agus dubhairt sé ar ball: Deinimís dorus insna fallaí do gach duine. Agus do loitedar an tig ar an gcuma san, agus ba mhinic iad ag troid mar gheall ar an solus, agus mar gheall ar an dteas, ag^us mar gheall ar theorantaibh na seomraí.

16. Siné an rud a dheinid náisiúin na hEorpa: Bíon formad aca lena chéile mar gheall ar cheannuiacht na leabhar agus mar gheall ar cheannuiacht an fhiona agus an chadáis, agus nách fios dóibh gur le haon tig amháin, leis na saor-aicmíbh, gach léann agus gach saibhreas.

XIX.

1. Tá cuid agaibh a bhíon ag caint ar uaisleacht agus ar choitiantacht agus ar nithibh eile bhainean leis an seannreacht; tá siad-san ag dul amú ar nós na gcéad-Chríostuithe a bhíodh ag caint ar thimpal-ghearradh agus ar nighe lámh.

2. Ni thríd an seannreacht a slánófar na náisiúin ach tré mhór-luacht an Náisiúin Chéasta, agus baistfar in ainm Dé agus na Saoirse iad. Agus an té a baistear ar an gcuma san is bráthair daoibh é.

3. Ná deinidh oiread diospóireachta ar na dlithibh. Is oibligáidí na dlithe agfus is lucht iasachtaí do ghlacadh na rialtaisí agus estáit isea an Athardha. Dá mhéid saint agus gliocas an té a gheibhean iasacht isea is daingne ceangailtear e; ach bíon iontaibh againn