Page:Leabhar na Polainne.djvu/88

This page has not been proofread.
84
LEABHAR NA PÓLAINNE.

as athair agus as bráthair gan aon urrús do chur orra.

4. Bídh macánta, da bhrí sin, mar a bhí na hAspoil, agus beidh iontaoibh ag na náisiúin asaibh, agus an ní a chuirfe sibh ar bun, be sé ina dhlí ní hamháin daoibhse ach do gach saor-aicme chó maith.

5. Ná deinidh oiread aighnis i dtaobh cadé an saghas rialtais a bheidh agaibh sa Pholainn. Na rialtaisí bhíon ag aighneas ní hiad san is fearr ach iad súd is láine den spiorad úd na híbeartha agus is láidre mhothuighean ina gcroidhe é.

6. Dílleachtuithe áirithe a bhí ag lorg oide chun tabhairt suas do chur orra agus chun aireachais a thabhairt dá gcuid, do luighdar súil ar chomhursain a bhí go maith chun bainistighe ach a bhí ró-shanntach, fear go raibh mórán airgid cnósta aige. Bhí sé amuich air gurbh fhear gasta é ach ná cuireadh se suim ach ann féin amháin, agus dá bhrí sin dubhairt na dílleachtulthe: Ní hé a lithéid sin a theastuighean uainn mar do dhéanfadh sé saibhreas dó féin as ár gcuid-na.

7. Agus dféachadar chun comhursan cile go raibh leabhair scríbhte aige ar bhainistighe ach ná raibh aon rath ar a ghnó féin. Ni hé a lithéid sin a theastuighean uainn, arsa na dílleachtuithe, mar bheadh sé ag baint trialacha as ár gcuidna.

8. Ach d’airíghdar trácht ar fhear bhocht do chaill mórán ag cosnamh cúis na mbaintreach agus na ndílleachtuithe, agus dubhradar: Déanfa sé sin an gnó.

9. An rialtas a thiocfidh, be sé cúmtha ar chuma na hóráide a labhran duine den Chomhairle.

10. Ag dul isteach sa Chomhairle náisiúnta don fhear chliste machtnuighean se ar conus a óráid a leagadh amach, machtnuighean sé ar cad a chuirfe sé