Page:Leabhar na Polainne.djvu/90

This page has not been proofread.
86
LEABHAR NA PÓLAINNE.


2. Thánadar san agus dubhradar: Toibh amach duine againn chun aireachais a dhéanamh uirri.

3. Deunfadsa ar mhodh an Bhrúnaig é, arsa duine acú. Níl aon mhaith sa mhodh san, arsa cách, Bfearr dhi fanúint sa bhfanntais agus bás dfáil ná cóir an Bhrúnaig do thriáil uirri.

4. Déanfadsa í leigheas ar shlí Hanneman, arsan tarna duine. Slí gan mhaith an tslí sin, arsa cách, Bfearr dhi bás dfáil ná slí Hanneman do thriáil uirri.

5. Is cuma liom conus a dhéanfa sibh é ach í leigheas, arsan mac. Ach níor fhéad na dochtúirí teacht ar aon aigne; ni ghéillfidís dá cheile in aon chor.

6. Ansan do ghlaoidh an mac, le corp dóláis agus éadóchais; O, a mháthair! Agus le guth an mhic tháinig sí chúichi féin láithreach agus bhí sí ar láimh shábhála. Do díbreadh na dochtúirí.

7. Tá daoine agaibh adeir: Fanadh an athardha fé dhaoirse níos túisce ná a haiséirghe do theacht tríd na huaisle; agus tá daoine eile adeir: Fanadh sí mar sin níos túisce ná a haiséirghe do theacht tríd an gcoitiantacht; agus tá daoine eile fós adeir: Fanadh sí mar sin níos túisce ná na teoranta so nó na teoranta úd do bheith aici. Ní clann mhac iad san. Dochtúirí iad go léir agus nil aon ghrádh aca dá máthair, don athardha.

8. Deirim libh go deimhin: Ná fiarfuighidh cadé an rialtas a bheidh sa Pholainn agaibh; cá beag daoibh a fhios a bheith agaibh go mbe sé níos fearr ná iad súd uile is eol daoibh; ná bíodh aon cheist oraibh i dtaobh na dteorann, mar beid siad níos sia amach ná bhiodar aon uair riamh.

9. In anam an uile dhuine agaibh tá síol na ndlithe