Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/102

This page has not been proofread.

88

ḃfeur, air eagla go ḃfeicfiḋe iad. ni raiḃ aon tsolas ann, aċt an méad do ḃí ag na reultaiḃ, aċt ċonnairc siad sgáile seaċt ḃfear ag gaḃail trasna na maċaire, agus d’aiṫniġ siad glór an ċaiptín go maiṫ agus ḃí sé ag ráḋ, “béiḋ siad socair nuair ṫiucfamaoid a ḃaile agus muna ḃfuilid béarfamaoid an bata ḋóiḃ; damnuġaḋ uaim! aċt deunfaiḋ me bean dam féin, de’n ċailín.” Ṫáinig criṫ air an óg-ṁnaoi nuair ċualaiḋ siad an biṫeaṁnaċ ag laḃairt, agus b’éigin do Ġoillís a láṁ a ċur air a beul air eagla go leigfeaḋ sí sgread no glór aisti. D’ḟan siad ’nna luiḋe san ḃfeur go raiḃ na fir sin uile imṫiġṫe ṫart, agus ann sin d’éiriġ siad, agus duḃairt Goillís. “Tá siad-san dul aḃaile do’n uaiġ, agus má ṫéiḋmíd air ár n-aġaiḋ ann- san mbóṫar as a dtáinig siad-san, béiḋmid ag fágḃáil na h-áite gránna so ’nn ar ndiaiġ.” Duḃairt an ḃean óg gur b’ḟíor dó é, agus ċuaiḋ siad air a n-aġaiḋ ’sa’ mbóṫar sin agus lean siad d’á siúḃal, air feaḋ na h-oiḋċe, agus nuair d’éiriġ an ṁaidin duḃairt Goillís go raiḃ siad cúig míle deug no fiċe míle ó’n áit ’nna raiḃ na robailiḋe.