Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/105

This page has not been proofread.

91

buḋ ġráin léiṫe, agus go mbuḋ éigin dí ċur suas do Ġoillís, rud naċ ndeunfaḋ sí dá ḃfuiġeaḋ si saiḋḃreas agus ór an doṁain, mar ḃí sí taḃairt gráḋ do Ġoillís anois coṁ mór agus ḃí Goillís ag taḃairt gráḋ ḋíí-se. Air an áḋḃar sin ṡeas sí ag geata an Ḃaile-ṁoír agus ġlac sí cóṁairle le Goillís creud do buḋ ċóir dí a ḋeunaṁ, agus buḋ h-é sin an ċeud uair a ṫug Goillís faoi deara go ceart go raiḃ fior-speís ag an óg-ṁnaoi ann féin.

“Má ġlacfaiḋ tu mo ċóṁairle a inġin- an-ríġ,” ar sé, “raċamaoid go teaċ éigin agus sgrioḃfaiḋ tu litir ċum an ríġ as an teaċ sin, agus déarfaiḋ tu leis go ḃfuil tu saor arís, aċt go dtug tu do ṁionna naċ ḃfillfeá go bráṫ, no go mbeiḋeaḋ briaṫar an ríġ agad naċ g-cuirfeaḋ sé d’ḟiaċaiḃ ort an fear sin ṗósaḋ, naċ maiṫ leat féin; agus taḃair an litir sin daṁ-sa agus béarfaiḋ mise do ’n ríġ í, agus creid mé go ndeunfaiḋ sé an rud atá tu ’g iarraiḋ, agus go mbéiḋ do ṫoġaḋ féin agad feasta.”

Buḋ ṁaiṫ an t-sliġe í sin, agus ġlac sí an ċóṁairle sin, agus sgrioḃ sí litir ċum an ríġ, ag innsint dó go raiḃ sí saor arís, ’reís beag-naċ dá ḃliadain dó ċaṫaḋ i dtír ċoi-