Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/109

This page has not been proofread.

95

D’ḟan sé ’nna measg ann sin le trí ráiṫ- ċe, agus ḃí meas agus cionn gaċ uile ḋuine ag meuduġaḋ ó lá go lá, air agus nior ṁó an meas do ḃí ag an riġ air, ’ná dá mbeiḋeaḋ sé ’nna ṁac dileas dó féin.

Ag ceann na h-aimsire sin ġlaoḋ sé a inġean asteaċ ċuige, agus d’ḟíafruiġ sé ḋí an raiḃ an oiread spéis’ aici i nGoillís anois agus a ḃí aici, i dtosaċ, agus duḃairt sí go raiḃ, agus nios mó. “Is maiṫ é sin,” ar san riġ, “maiseaḋ! bioḋ sé agad!”

Ḃí go maiṫ agus ní raiḃ go holc. Ṗós siad a ċéile, agus buḋ hé sin an ḃainḟeis bréag do ḃí aca, aċt dá mbeiṫinn ann, an t-am sin, ni ḃeiṫinn ann anois, aċt ċualaiḋ mé ó h-éinín é naċ raiḃ brón ná buaireaḋ leun ná leónaḋ, mi-áġ ná mi-ṫapa orra go h-uair a m-báis, agus go mbuḋ aṁlaiḋ é liom féin agus linn uile.