96
AN PÍOBAIRE AGUS AN PÚCA.
Annsan t-sean-aimsir do ḃí leaṫ-amadán ’nna ċóṁnuiḋe i n-Dúnmór i g-condaé na Gailliṁe, agus ciḋ go raiḃ dúil ṁór aige annsa’ g-ceól, nior ḟeud sé níos mó ’ná aon ṗort aṁáin d’ ḟóġlaim, agus buḋ h-é sin an Rógaire Duḃ. Do ġeiḃeaḋ sé cuid ṁaiṫ airgid ó na daoiniḃ uaisle, mar do ġeiḃeaḋ siad greann as.
Oiḋċe Ṡaṁna ḃí an píobaire a’ teaċt aḃaile o ṫeaċ daṁsa, agus é leaṫ air meisge. Nuair ṫáinig sé go droiċiod beag anaice le teaċ a ṁáṫar d’ḟáisg sé na píobaiḋ air, agus ṫoisiġ sé ag seinm an Rógaire Duḃ.
Ṫáinig an Púca taoḃ-ṡiar dé agus ċaiṫ sé air a ḋruim féin é. Ḃí aḋarca fada air an b-Púca agus fuair an Píobaire greim daingean orra. Ann sin duḃairt sé, “leír- sgrios ort! a ḃeiṫiġ ġránna, leig aḃaile mé, tá píosa deiċ b-piġne agam do mo ṁá- ṫair, agus tá uireasḃuiḋ snísín uirri.”
“Na bac le do ṁáṫair,” ar san Púca, “aċt congḃuiġ do ġreim, má ṫuitfiḋ tu brisfiḋ tu do ṁuineul agus do ṗíobaiḋ.”