Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/111

This page has not been proofread.

97

Annsin duḃairt an Púca leis, “séid suas dam an t-Sean-ḃean Ḃoċt.”

“Ní ’l eólas agam air,” ar san píobaire.

“Ná bac le d’eólas,” ar san Púca, “séid suas agus béarfaiḋ mise eólas duit.”

Do ċuir an píobaire gaoṫ ann a ṁála agus ṡinn sé ceól do ċuir iongantas air féin.

“Dar m’ḟocal is maiṫ an máiġistir ceóil ṫu,” ar san píobaire, “aċt innis dam anois cá ḃfuil tu dom’ ṫaḃairt?”

“Tá fleaḋ (féusta) ṁór i dteaċ na mná síḋe air ḃárr Ċruaċ-Ṗádraic, anoċt,” ar san Púca, “agus tá mé do d’ṫaḃairt ann le ceól do ṡeinm, agus glac m’ḟocal go ḃfuiġiḋ tu luaċ do ṫrioblóide.”

“Dar m’ḟocal sáḃálfaiḋ tu aistear dam,” ar san píobaire; “ċuir an t-aṫair Uilliam turus orm go Cruaċ-Ṗádraic, mar ġeall gur ġoid me gandal bán uaiḋ an féil Ṁár- tain seo ċuaiḋ ṫart.”

Ṫug an Púca tar cnocaiḃ agus portaċaiḃ é go d-táinig sé go bárr Ċruaċ-Ṗádraiċ. Ann sin do ḃuail an Púca trí builliḋ le na ċois, agus d’ḟosgail doras mór. Ċuadar asteaċ i seómra breáġ. Ċonnairc an pío- baire bord óir i lár an tseómra, agus