Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/116

This page has not been proofread.

102

Tar éis í do ṗósaḋ ḃí inġean an ríġ faoi ġeur-ċráḋ ag an g-cailliġ, agus do ċuir an ċailleaċ í faoi ṁionna gan niḋ air biṫ d’innsint do’n ríġ, agus gan niḋ air biṫ, d’ḟeicfeaḋ sí dá ḋeunaḋ d’innsint do ḋuine air biṫ, aċt do ṫriúr nár baisteaḋ ariaṁ.

An lá air na ṁáraċ, ċuaiḋ an ríġ amaċ ag seilg, agus nuair d’imṫiġ se ṁarḃ an ċailleaċ cú breáġ a ḃí ag an ríġ. Nuair ṫáinig an ríġ aḃaile, d’ḟiafraiġ sé de ’n tsean-ċailliġ, “cia ṁarḃ mo ċu?”

Ṁarḃ d’inġean é,” ar san tsean-ḃean.

“Cad fá ’r ṁarḃ tu mo ċu?” ar san ríġ.

“Nior ṁarḃaiġ me do ċu,” ar san inġean, “agus ní ṫig liom innsint duit cia ṁarḃ é.”

“Cuirfiḋ mé íaċ (d’ḟiaċaiḃ) ort innsint dam,” ar san ríġ.

Ṫug sé an inġean leis go coill ṁor agus ċroċ sé air ċrann í, agus ann sin ġearr sé an dá ċois agus an dá láiṁ dí, agus d’ḟág i rioċt báis í. Nuair ḃí sé dul amaċ as an g-coill ċuaiḋ dealg ann a ċois, agus duḃairt an inġean, “nár ḟáġ’ tu biseaċ go mbéiḋ cosa agus láṁa agam-sa le do leiġeas.”