105
OĊ GAN MÉ ṠIAR.
Ḃí fear i g-Connaċt agus ṗós sé cailín as ċondaé Ṁuiġ-Eó, agus buḋ ḃreáġ sgia- ṁaċ an cailín í. Ni raiḃ loċt air biṫ ag a fear le fáġail uirri i dtosaċ. Aċt ní raiḃ sí a ḃfad pósta sul a ṫosaiġ sí ag osnaiġil ó am go h-am, agus ní raiḃ oiḋċe naċ dtéi- ḋeaḋ sí amaċ agus naċ seasaḋ sí ag binn an tiġe agus nac leigeaḋ si osna, agus naċ n-abraḋ sí, “oċ! gan me ṡiar, oċ! gan mé ṡiar,” i rioċt go g-cluinfeaḋ a fear í, agus nuair ḃiḋeaḋ an fear ag éisteaċt léiṫe már sin, ṡaoil sé air deire gur ḃreáġ an áit an “áit ṡiar” as a dtáinig si.
Ḃí si ’gá ḋeunaṁ sin gaċ uile oiḋċe ag leigint uirri féin go raiḃ brón mór uirri naċ raiḃ sí air ais arís i dteaċ a ṁáṫar, agus ḃí a fear tuirseaċ air deire ag éis- teaċt léiṫe agus ċuir sé roiṁe go raċaḋ sé féin siar go bfeicfeaḋ sé ḋó féin cad é an sórt áite an “áit ṡiar.” Ċuaiḋ sé mar sin aon ṁaidin aṁáin gan innsint do ḋuine air biṫ cá raiḃ sé le dul, águs ní raib stad ná sgiṫ aige go dtáinig sé síar go teaċ a