111
do ḃí air, leis an spaisdeoraċt luaiṫ. Ḃí an oiḋċe geal agus an ġealaċ leaṫ-lan.
Ni raiḃ anál gaoiṫe ag séideaḋ, agus ḃí an t-aér ciúin agus bog. Ṡiúḃail sé air aġaiḋ le trí h-uairiḃ no mar sin, nuair ċuiṁniġ sé go raiḃ sé déiġionaċ ’san oiḋċe agus go mbuḋ ċóir dó ṫionntóḋ. Ṫion- taiġ sé le filleaḋ a ḃaile, ann sin, agus ḃí ionġantus air an ġealaċ d’ḟeicsint coṁ h-árd sin ’san spéir. “Maiseaḋ! saoilim go ndearmad mé mé féin,” ar seisean, “caiṫfiḋ sé ḃeiṫ tar an meaḋon-oiḋċe anois.”
Is air éigin duḃairt sé an focal, nuair ċualaiḋ sé caint móra in guṫ, agus toran na g-cos, air an mbóṫar amaċ uaiḋ.
“Ní feasaċ mé cia ḃeiḋeaḋ amuiġ coṁ deirionnaċ annsan oiḋċe,” ar sé, “agus air ḃóṫar uaigneaċ mar so.” Ṡeas sé ag éisteaċt, agus ċualaiḋ sé glórṫa móráin daoine ag laḃairt tríd a ċéile, aċt níor ṫuig sé creud do ḃí siad ag ráḋ. “Muire! maiseaḋ!” ar sé, “tá fáitċios orm! ni Gaeḋeilg ná Beurla tá siad ag laḃairt; ní féidir gur Francaiġ iad!” Ċuaiḋ sé cúpla slat air aġaiḋ agus ċonnairc sé go maiṫ le solas na gealaiġe, broscán de ḋaoiniḃ