Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/126

This page has not been proofread.

112

beaga a teaċt, os a ċoinne, agus ḃí siad ag iomċar ruid éigin móir troim, ann a measg.

“O mo leun!” ar seisean, leis féin, “ní féidir gur b’ iad na daoine maiṫe atá ann.” Ṡeas gaċ ribe gruaige do ḃí air a ċeann, suas; agus ṫáinig craṫaḋ ann a ċnáṁaiḃ. Ḃí siad ag teaċt ċuige go luaṫ.

Ḋearc sé orra arís agus ṫug sé faoi deara go raiḃ bunáit fiċe fear beag ann, agus ní raiḃ fear air biṫ aca do b’ áirde ná trí troiġe no trí troiġe go leiṫ. Ḃí cuid aca liaṫ agus d’ḟeuċ siad an t-sean. Ḋearc sé arís, aċt níor aiṫniġ sé go ceart cad é an rud trom do ḃí siad ag iomċar, no go dtáinig siad suas leis, agus ṡeas siad uile ’nna ṫimċioll. Ċaiṫ siad an rud trom air a mbóṫar agus ċonnairc sé air an mball gur corp marḃ é.

D’éiriġ sé coṁ fuar leis an Eug, agus níor riṫ an ḟuil ann a ċuisleannaiḃ nuair táinig sean-ḟirín beag liaṫ suas ċuige, agus duḃairt leis, “A Ṫaiḋg ui Ċáṫáin. Naċ áġaṁuil do casaḋ orrainn ṫu?”

Nior ḟeud Taḋg boċt focal air biṫ do ṫaḃairt amaċ; ní ḟeudfaḋ se a ḃeul d’ḟos- gailt dá ḃḟáġfaḋ sé an doṁan, agus níor ḟreagair se focal.