Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/128

This page has not been proofread.

114

“Ni ṫógfaiḋ Taḋg o Cáṫáin an corpán” ar san fírín beag le gáire millteaċ mar ṫoran glaic cipín tirm agus iad dá mbri- seaḋ agus le glór beag garḃ mar bualaḋ ċluige do ḃí sgoilte. “Cuirigiḋ (cuiriḋ) d’ḟiacaiḃ air a ṫógḃáil.” Agus sul do ḃí an focal as a ḃeul ċruinniġ siad uile tim- cioll Taiḋg ḃoiċt, agus iad uile ag caint agus ag gáire tríd a ċéile. Rinne Taḋg feucaint le riṫ uaṫa, aċt leanadar é agus ṡín fear aca a ċos amaċ eidir a ḋá lorgain agus leagaḋ síos é air an mbóṫar, ann a ṗraiseaċ. Sul d’ḟeud sé éiriġe arís, rug na siḋeóga air, cuid aca air a láṁaiḃ agus cuid eile air a ċosaiḃ agus ċongḃaiġ siad go daingean é, i rioċt nár ḟeud sé corru- ġaḋ, agus a éudan leis an talaṁ.

Ṫóg seisear no móir-ṡeisear aca an corpán ann sin, agus ṫarraing siad anall ċuige é; agus d’árduiġ siad é air a ṁuin; ḃí brol- laċ an ċorpáin fáisgṫe le na ḋruim féin, agus ċuir siad an dá ríġ an ċorpáin sin ṫart ṫimċioll a ṁuinéil féin. Ṡeas siad air ais uaiḋ cúpla slat ann sin agus leig siad dó éiriġe suas. Do ġaḃ sé ag cur cú- ḃair dé agus ag eascuine, agus ċraiṫ sé é féin, mar ṡaoil se an corpán do ṫeilgint