115
uaiḋ. Acṫ buḋ ṁór a eagla agus a ionġan- tas nuair fuair sé go raiḃ greim daingean ag dá riġ an ċuirp timċioll air a ṁuinéul, agus go raiḃ a ḋá ċosa ag fásgaḋ a leas- raċa go teann, agus níor ḟeud sé a ċaṫaḋ ḋé féin, dá láidreaċt a ḟeuċaint. Ḃí fíor- eagla air ann sin, agus ṡaoil sé go raiḃ sé caillte. “Oċón go deó!” ar sé, “is é an ḋroċ-ḃeaṫa atá mé ag caṫaḋ a ṫug an cúṁaċt so dona daoiniḃ maiṫe orm. Geal- laim do Ḋia agus do Ṁuire, do Ṗeadar agus do Ṗól, do Ṁarcus agus d’Eóin, agus móidim go leasóċaiḋ me m’anam agus a ḃfuil róṁam de’m ṡaoġal, má ḃfáġ’ mé teaċt saor as an ngáḋ so. Agus pósfaiḋ mé Máire.
Ṫáinig an firín beag liaṫ suas ċuige arís agus duḃairt sé leis. “’Nois! a Ṫaiḋgín!” ar sé, “níor ṫóg tu an corpán nuair du- ḃairt mé leat a ṫógḃáil, agus b’ eígin duit a ṫógḃáil; B’ éidir nuair deirim leat a ċur ní ċuirfiḋ tu é, no go mbuḋ eígin duit!”
“Rud air biṫ a ṫig liom a ḋeunamṁ do d’ onóir,” ar Taḋg, “deunfaiḋ mé é,” mar ḃí sé fáġail céille ċeana, agus muna raiḃ eagla áiḋḃeul air, ní leígfeaḋ sé an focal siḃialta sin as a ḃeul go