Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/131

This page has not been proofread.

117

druidte ort beir go h-Imleóg-fada é, agus muna dtiucfaiḋ leat a ċur ann sin ni’l agad níos mó le deunaṁ aċt a ḃreiṫ go dti Cill-Ḃríġde agus cuirfiḋ tu ann sin é gan ḃacaḋ gan ḃárraḋ. Ní ḟeudaim innsint duit anois cad é an ċill ann a ḃfuiġiḋ tu cead an corpán do leigint faoi ’n gcreáfóig, aċt tá ḟios agam go léigfiḋear duit a ḟag- ḃáil i dteampoll éigin aca. Má ġniḋ tu go ceart an obair seó béiḋmíd buiḋeaċ díot, agus ni ḃéid aon áḋḃar bróin ort-sa, mar ġeall air do ṫrioblóid, aċt má tá tu leis- geaṁail agus mall, creid mise, go mbain- fimíd ár sásuġaḋ asad.”

Nuair ċrioċnuiġ an firín liaṫ a laḃairt, leig a ċomráidiḋ gáir asta, agus ḃuail siad a láṁa le ċéile. “Glic! glic! hui! hui!” ar siad, “bí ’g imṫeaċt, bí ’g imṫe- aċt, tá oċt n-uaire róṁat anois sul a ḃrisfiḋ an lá, agus muna ḃfuil an fear so curṫa agad sul éireóċaiḋ an ġrian tá tu caill- te.”

Ḃuail siad dorn air a ḋruim agus cos air a ṫóin agus ṫiomáin siad air aġaiḋ ann- sa’ mbóṫar é. B’ éigin dó siuḃal agus siuḃal go luaṫ, mar naċ dtug siad aon sgiṫ ḋó.